24 Deireadh Fómhair 2010

suas ó dheas, síos ó thuaidh



An ndeir éinne agaibh “síos ó thuaidh” nó “d'eitil mé síos go hÍoslainn”? Bhíodh an córas seo coitianta i nGaeilge na hÉireann agus na hAlban tráth den saol. Cuireadh an úsáid seo de “síos” agus “suas” i gcuimhne dom aréir nuair a bhí mé ag léamh scéal Gàidhlig ó Albain Nua*:

“Thuirt e gu robh iad cho fada sios as an tuath [= sa tuaisceart] agus gun cluinneadh iad air oidhche gheamhraidh, gun cluinneadh iad an nighean aig Santa Claus a’ cluich ’sa chlàrsach mhór shios.”

Agus níos faide anonn sa scéal:

“’S an ceann bliadhna neo dhà as dheaghaidh sin [= ina dhiaidh sin] chaidh an duine sin suas dha na Staitean Aonaichte agus chaidh e gu lighiche sònraichte [lia speisialta] a bha shuas ann a’ New York....”

Tá “suas go Corcaigh, south to Cork” agus “síos go Cúige Uladh, north to Ulster” in FGB, ceart go leor, ach ní cuimhin liom iad seo a léamh i nGaeilge an lae inniu. Theip orm samplaí díobh a fháil i Sean-Ghaeilge.

* “Am Fear a Chaidh an Ceann a Ghearradh Dheth” le Eòs Nìll Bhig (Joe Neil MacNeil) in The Blue Mountains and Other Gaelic Stories from Cape Breton / Na Beanntaichean Gorma agus Sgeulachdan Eile à Ceap Breatainn, curtha in eagar le John Shaw, McGill-Queen's University Press, 2007

10 comments:

  1. Sin mar a bhitheas iad ga ràdh ann an Ceap Breatainn, agus, tha mi 'smaointinn, ann an Uibhist cuideachd, gus an latha an diugh fhéin. Co-dhiubh tha eiseimplearan gu math furasda a fhaighinn anns an eadar-lìon troimh bhith google-adh "suas gu tuath" (leis na comharraidhean.)

    ReplyDelete
  2. Seadh, chuala mi sin gu tric, fiù 's sa Bheurla, anns na h-Eileanan Siar.

    ReplyDelete
  3. Is dóigh liom go bhfuil sé imithe as an chaint abhus. Ní cuimhin liom é a chlos/léamh riamh.

    ReplyDelete
  4. Chuala mé trácht ar íochtar na tíre (= an Tuaisceart) agus uachtar na tíre (= An Deisceart), b'fhéidir de bharr é bheith níos teo 'thuas' ansan :-)(agus níos deise, as a dtagann an focal deisceart? :-)). Táid beirt le fáil i bhFGB leis.

    ReplyDelete
  5. Is cosúil go bhfuil - nó go raibh - “down north” sa Bhéarla i dTalamh an Éisc freisin.

    GRMA, a Mhark, as na focail sin!

    ReplyDelete
  6. Má théann sibh chuig an leathanach seo, feicfidh sibh ceithre léaráid a bhfuil “uactar” agus “ichtar” ann in áit “deisceart” agus “tuaisceart”.

    ReplyDelete
  7. Tá sé sa seanamhrán i mBéarla faoi Thomás Ruiséil

    http://www.devlin-family.com/TheMan.htm

    "an' the sound of his strange up-country talk".

    Bhí Tomás as Corcaigh agus an duine a chum an t-amhrán ó thuaisceart na tíre.

    B'éard a míníodh dúinn ná gur "thuas" suíomh na gréine. Mar is eol bíonn an ghrian i ndeisceart na spéire sa leathsféar thuaidh.

    Ceapaim go bhfuil rud cosúil leis sa Ghearmáinis nuair a deirtear Oberschwaben don chríoch sa deisceart: Unterschwaben don chríoch sa tuaisceart. Is mar an gcéanna le Oberbayern agus Niederbayern.

    ReplyDelete
  8. Shíl mise (gan aon bhunús agam leis, admháim) gur tagairt do na cnoic a bhí in Ober/Unter.

    ReplyDelete
  9. B'in a cheap mise freisin ar dtús ach do thug duine ón áit an míniúchán sin leis an ngrian dom.

    Ach is deacair é a dheimhniú mar is rud é nach mbeadh ar eolas ach ag fíorbheagáinín sa lá inniu.

    ReplyDelete
  10. Tha sin againne cuideachd ann an Alba, sìos gu tuath. Chan e seo ach beachd ach ar leam gu bheil ceangal aige seo agus cleachdadh "deas/deiseil" (i.e. rud a tha math no ceart) agus "tuath/tuathail" (rud a tha cearr no dona). Leis a sin, cha bhiodh tu ag iarraidh a dhol "suas gu tuath"?

    ReplyDelete