Nó céard?
Aguisín:
Ulchabhán cosúil leis an ceann seo a fheicimse san M thuas. Dá mbeadh GIMP foghlamtha agam, thabharfainn iarracht ar an M a fhorshuíomh ar an ngrianghraf seo.
Aguisín eile: Tig libh an M a fheiceáil forshuite ar an ulchabhán anseo, a bhuí le Dubhaltach.
Adharca a rith liom, ach is dócha gur litir ornáideach de shaghas atá ann?
ReplyDeleteTéigh go dtí an suíomh seo agus feicfidh tú a bhfeicim féin ann! (An dara grianghraf ar an suíomh atá i gceist agam.)
ReplyDeleteTá an ceart agat faoin litir, ar ndóigh. As cén seanleabhar clúiteach?
Go hálainn, tá cuma 3-D air.
ReplyDeleteAn bhfeiceann tusa an t-ulchabhán ann, John? Sampla an-deas é seo de bheocht na stíle La Tène sa mheánaois in Éirinn, i bhfad tar éis a báis ar an Mór-roinn.
ReplyDelete@ As cén seanleabhar clúiteach?
ReplyDeleteNíl a fhios agam...
As an tsaltair ar a dtugtar “An Cathach”, a scríobhadh sa seachtú haois.
ReplyDeleteÓ feicim an t-ulcabhán cinnte. Agus an M freisin. "Scríobhadh" sa seachtú haois é? Wow, bhí siad i mbarr a réime ansin.
ReplyDeleteIs cosúil nach raibh an “stíl oileánach" lena cuid dualaíochta (.i. knotwork, interlace) agus leis an horror vacui a chuaigh in éineacht léi, i réim fós go huile is go hiomlán in Éirinn ag an am sin. Táim féin dubh dóite de knotwork.
ReplyDeleteFeicím Blodeuwedd!
ReplyDelete(Blodeuwedd sy na!)
An raibh neach miotaseolaíoch (nó bandia) cosúil léi riamh in Éirinn?
ReplyDelete