16 Deireadh Fómhair 2010

Cé atá ag breathnú ort?


Nó céard?

Aguisín:


Ulchabhán cosúil leis an ceann seo a fheicimse san M thuas. Dá mbeadh GIMP foghlamtha agam, thabharfainn iarracht ar an M a fhorshuíomh ar an ngrianghraf seo.

Aguisín eile: Tig libh an M a fheiceáil forshuite ar an ulchabhán anseo, a bhuí le Dubhaltach.

10 comments:

  1. Adharca a rith liom, ach is dócha gur litir ornáideach de shaghas atá ann?

    ReplyDelete
  2. Téigh go dtí an suíomh seo agus feicfidh tú a bhfeicim féin ann! (An dara grianghraf ar an suíomh atá i gceist agam.)

    Tá an ceart agat faoin litir, ar ndóigh. As cén seanleabhar clúiteach?

    ReplyDelete
  3. An bhfeiceann tusa an t-ulchabhán ann, John? Sampla an-deas é seo de bheocht na stíle La Tène sa mheánaois in Éirinn, i bhfad tar éis a báis ar an Mór-roinn.

    ReplyDelete
  4. @ As cén seanleabhar clúiteach?

    Níl a fhios agam...

    ReplyDelete
  5. As an tsaltair ar a dtugtar “An Cathach”, a scríobhadh sa seachtú haois.

    ReplyDelete
  6. Ó feicim an t-ulcabhán cinnte. Agus an M freisin. "Scríobhadh" sa seachtú haois é? Wow, bhí siad i mbarr a réime ansin.

    ReplyDelete
  7. Is cosúil nach raibh an “stíl oileánach" lena cuid dualaíochta (.i. knotwork, interlace) agus leis an horror vacui a chuaigh in éineacht léi, i réim fós go huile is go hiomlán in Éirinn ag an am sin. Táim féin dubh dóite de knotwork.

    ReplyDelete
  8. Feicím Blodeuwedd!
    (Blodeuwedd sy na!)

    ReplyDelete
  9. An raibh neach miotaseolaíoch (nó bandia) cosúil léi riamh in Éirinn?

    ReplyDelete