tag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post6158068687586131833..comments2024-03-17T19:17:27.086-07:00Comments on Nótaí Imill: gorm, glas, uaine?Dennis Kinghttp://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comBlogger24125tag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-27729169266739406192012-08-20T06:02:26.859-07:002012-08-20T06:02:26.859-07:00...Ach cha dúirt nach dtig le rudaí ""ne......Ach cha dúirt nach dtig le rudaí ""neamh-nádúrtha"" a bheith 'glas'. ...

...GML ró-cheartaigh Gaelspell liom ansin!An Dúlradóirhttps://www.blogger.com/profile/13200239092527957588noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-23886957295591169192012-08-20T06:00:09.745-07:002012-08-20T06:00:09.745-07:00Nuair a bhí mé ar scoil bhí cúntóir teanga againn ...Nuair a bhí mé ar scoil bhí cúntóir teanga againn ó Bhriotáin. Bhí giota den Bhrezhoneg aici. D'inis sí domh go bhfuil an focal 'glas' acu atá idir 'blue, green, grey'. An dath a bhíonn ar rudaí nádúrtha a dúirt sí - ach ní hé gur ar rudaí nádúrtha amháin.

Is féidir leis an spéir a bheith glas, le cloch a bheith glas, an fharraige a bheith glas. Ach cha dúirt nach dtig le rudaí neamh-mheasartha a bheith 'glas'. Dúirt sí go bhfuil 'dath' acu don 'green' nach bhfaightear sa nádúr go minic. 'Artifical' a dúirt sí. Ach arís, ní hé nach bhfuil sé le fáil ann.

Ba thiar in 1990í a bhí sí in Éirinn linn. Ach ba shuimiúil an rud a phlé leis na Briotánaigh!An Dúlradóirhttps://www.blogger.com/profile/13200239092527957588noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-14175078689334961402010-10-20T15:10:21.977-07:002010-10-20T15:10:21.977-07:00Bíonn ainmhithe glas (nó grey) agus nuair atá sé c...Bíonn ainmhithe glas (nó grey) agus nuair atá sé ceomhar/fliuch nach mbíonn an aimsir glasNéidíhttps://www.blogger.com/profile/03202011244418686962noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-31420656285875706502010-10-20T13:59:48.848-07:002010-10-20T13:59:48.848-07:00Suimiúil. Go raibh maith agat, a Dennis.
Seo mo ...Suimiúil. Go raibh maith agat, a Dennis.

Seo mo thuiscint, gan taighde déanta agam ar an ábhar ach amháin leis an Dómhnallach, go bhfuil an dá rud ann: an carr glas, is 'grey' atá sé, (ach gruaig liath!), agus 'is glas iad na cnoic', atá 'green'.

Seans gur saorga -v- nádúrtha atá i gceist, in amanna, cé gur léir go mbíonn eisceachtaí ann! Cá mbeadh muid gan iad...Mise Áinehttps://www.blogger.com/profile/07283240661208213059noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-46983317084480727262010-10-20T01:03:23.366-07:002010-10-20T01:03:23.366-07:00Sin a dúirt mé.
Maith agat as an nasc. Sílim ámh ...Sin a dúirt mé.

Maith agat as an nasc. Sílim ámh go bhfuil lúb ar lár san téis: bheadh níos mó na teanga amháin (agus Béarla ina measc) ag cách a rinne an triail. Rud a bheadh éifeacht aige ar an dtoradh.aonghushttps://www.blogger.com/profile/17809657304269246594noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-87052056394732072102010-10-19T15:19:08.970-07:002010-10-19T15:19:08.970-07:00Ní mise a rinne an taighde ar an gceist seo - m...Ní mise a rinne an taighde ar an gceist seo - m'iníon a bhí ann! Seo daoibh an tuairisc a scríobh sí:
http://borel.slu.edu/colors/report.html, agus na mionsonraí Gaeilge:
http://borel.slu.edu/colors/irish.html.Kevin Scannellhttps://www.blogger.com/profile/11102683404376963361noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-71397447630247832572010-10-14T16:38:55.510-07:002010-10-14T16:38:55.510-07:00Chuaigh mé chuig Nua-Chorpas na hÉireann agus rinn...Chuaigh mé chuig Nua-Chorpas na hÉireann agus rinne mé cuardach leis an téarma ilfhoclach “carr glas”. Fuair mé sampla amháin, ó Oghma 2. Níl a fhios agam cér scríobh é, áfach.

“Deirtear gur tharla rud. Timpiste bhóthair abair. Iarrtar ar na finnéithe tuairisc a thabhairt. Bhuail carr dearg in éadan an chairr ghlais. Ní hea a deir an dara duine is é an Tirolia a leag an rothaí ar dtús. Ní hea ar chor ar bith arsa an tríú duine ach ba léir go raibh tiománaí an Siesta ina chodladh.”

“Carr uaine” a déarfainn freisin.Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-7783510026095164862010-10-14T09:14:41.605-07:002010-10-14T09:14:41.605-07:00Dar liom féin d’fhéadfadh planda a bheith ‘glas’ n...Dar liom féin d’fhéadfadh planda a bheith ‘glas’ nó ‘uaithne’ ach chaithfeadh carr a bheith ‘uaithne’.Anonymousnoreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-47297321184130615812010-10-13T06:41:29.011-07:002010-10-13T06:41:29.011-07:00Bhí, John, ach ansin cuireadh glasnost i bhfeidhm....Bhí, John, ach ansin cuireadh glasnost i bhfeidhm...Séamas Poncánhttps://www.blogger.com/profile/17494376208367219789noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-6856232972360469352010-10-13T05:01:04.630-07:002010-10-13T05:01:04.630-07:00An-spéisiúil go deo. Agus cé nach bhfuil freagra d...An-spéisiúil go deo. Agus cé nach bhfuil freagra dá laghad agam ar an gceist ildaite seo, caithim a rá gur deas an rud é bhur dtuairimí ar fad a léamh, agus go háirithe Gaidhlig na h-Alba a fheiceáil anseo.

Ach sin ráite, níor chóir go mbeadh cead ag éinne cur leis an mblagmhír seo. Nach "faoi ghlas" atá sé? ;)Johnhttps://www.blogger.com/profile/09179288774266691021noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-68223468461224588292010-10-12T16:58:32.742-07:002010-10-12T16:58:32.742-07:00tha a h-uile rud gu math troimhe-chèile
Feictear ...tha a h-uile rud gu math troimhe-chèile

Feictear dom go bhfuil coimhlint ann fós idir chúpla córas éagsúil maidir le hainmneacha na ndathanna. De réir na dteangeolaithe atá tar éis a lán taighde a dhéanamh ar an gceist seo, tá teangacha ann nach bhfuil ach trí théarma acu:

a) focal a chiallaíonn “dubh” agus chuile dhath dorcha eile, mar atá gorm, dúghorm, donn, odhar, etc. (Is iarsma den chóras seo na “daoine gorma” ó na críocha ó dheas, gan dabht.)

b) focal a chiallaíonn “bán” agus chuile dhath geal eile, mar atá buí, liathghlas, liathbhán, etc.

c) focal a chiallaíonn “dearg” agus chuile dhath eile a bhfuil rian de dhearg ann, mar atá rua, corcra, oráiste, etc.

Má bhíonn an ceathrú téarma ag teanga, is “buí” de ghnáth é, nó “glas/uaine” uaireanta. Tagann “gorm” ina ndiaidh seo, agus ansin na dathanna eile a bhfuil ainmneacha againn orthu.

Is cosúil nach raibh fadhb againn riamh, mar Ghaeil, le dubh, bán, dearg, is buí. Is é an téarma nua “glas/uaine” a chuir an phraiseach ar fud na mias, agus céard a rinne “gorm” ina dhiaidh sin ach a ladar féin a chur sna miasa céanna!Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-30127726820947994462010-10-12T12:53:31.661-07:002010-10-12T12:53:31.661-07:00Chan eil mi buileach cinnteach gu bheil e cho simp...Chan eil mi buileach cinnteach gu bheil e cho simplidh ri "Glas ar rudaí nádúrtha, uaine ar rudaí saorga".
Bha mi an comhnaidh a' smaoineachadh a bheil e co-cheangailte le hue/saturation/brightness, ach an-diugh ann an Gàidhlig na h-Alba tha a h-uile rud gu math troimhe-chèile, agus gu h-àraidh na daoine a thogadh le Beurla a' cleachdadh concepts às a' chànan sin, agus saoilidh mi gu bheil ciall eadar-dhealaichte air "gorm" is "glas" anns na dual-chainntean eadar-dhealaichte cuideachd.Monanoreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-65706950392296122442010-10-12T12:13:54.635-07:002010-10-12T12:13:54.635-07:00Bíonn na cnoc glas i gcónaí i nGaillimh!
Cuirfidh...Bíonn na cnoc glas i gcónaí i nGaillimh!

Cuirfidh mé ceist, a Dennis, ach i mo chloigeannsa feicim glas mar 'green', agus uaine mar 'grey', ach sin mo chloigeannsa!Mise Áinehttps://www.blogger.com/profile/07283240661208213059noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-24444608560664205082010-10-12T11:24:54.912-07:002010-10-12T11:24:54.912-07:00Má thagann tú ar fhreagra ceart ba mhaith liom é a...Má thagann tú ar fhreagra ceart ba mhaith liom é a chloisteáil.

Má tá an t-am le spáráil agat, bain triail as  Nua-Chorpas na hÉireann. Tig leat an corpas a chuardach le “uaine” le fáil amach conas a d'úsáid scríbhneoirí éagsúla é. Tugtar liosta de chomhlogaíochtaí na haidíochta sin freisin.Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-51871002154070673482010-10-12T09:51:44.132-07:002010-10-12T09:51:44.132-07:00@ Aonghus, Mona, Ormondo:
Glas ar rudaí nádúrtha,...@ Aonghus, Mona, Ormondo:

Glas ar rudaí nádúrtha, uaine ar rudaí saorga

Sin é an míniú a chuala mé riamh freisin, agus bainim úsáid as i mo chuid Gaeilge den chuid is mó. Idirdhealú sothuigthe atá ann: níl HSB (hue, saturation, brightness) .i. lí, sáithiú, gile, i gceist ach paraiméadar eile nach bhfuil aon baint aige le cairt na ndathanna: nádúrtha vs. saorga. Níl le déanamh ach an cheist seo a chur ort féin: “Ar tháinig an dath seo ó phéint /ruaim?”

Is maith liom an teoiric seo, ach san am céanna níl mé sásta léi go huile is go hiomlán. Feictear dom go bhfuil a lán lán eisceachtaí ann. Uaireanta b'fhearr liom “glas” a chur ar rud péinteáilte agus “uaine” a chur ar dhuilleog atá chomh lonrach le píosa plaistigh.Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-13491056316645519222010-10-12T09:51:15.823-07:002010-10-12T09:51:15.823-07:00Níl mórán sa bhreis le cur agam leis an bplé seo s...Níl mórán sa bhreis le cur agam leis an bplé seo seachas le rá go bhfuilim ar aon intinn le hAonghus .i. "Glas ar rudaí nádúrtha, uaine ar rudaí saorga"

Bhíos ag cluiche tráth le múinteoir scoile, bhí Contae Shligigh ag imirt in aghaidh Contae na Gaillimhe. Craobh Connacht a bhí ann agus bhí an lámh in uachtar ag Gaillimh mar sin bhí laghdú ar ár spéis sa chluiche de réir a chéile.
Dúirt an múinteoir liom, "Nach aoibhinn na cnoic uaine siúd uainn? Ar a laghad tá siad againn fós" ag breathnú dó i dtreo Binn Ghulbain agus na sléibhte sin máguaird.

Nár chóir "glas" a thabhairt orthu a cheistigh mé.
"Is uaine an ráille lasmuigh dínn, ach is glas na cnoic, nach ea?"

"Ní hea!" ar seisean

Má thagann tú ar fhreagra ceart ba mhaith liom é a chloisteáil.Dubhaltachhttps://www.blogger.com/profile/14936368194542405646noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-85349603370133583752010-10-12T09:25:38.624-07:002010-10-12T09:25:38.624-07:00@ Eoin
An leabhar sin le Deutscher a spreag an bh...@ Eoin

An leabhar sin le Deutscher a spreag an bhlagmhír seo! Tá mé leath bealaigh tríd anois. Tá fotheideal eile ar an eagrán Meiriceánach: Why the World Looks Different in Other Languages. Thosaigh mé leabhar nua eile ag an am céanna: The Last Speakers le K. David Harrison. Níl a fhios agam fós an bhfuil mórán le rá aige faoi dhathanna, ach is léir go bhfuil an-suim aige i rudaí mar seo.Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-50827464849161541152010-10-12T04:10:40.020-07:002010-10-12T04:10:40.020-07:00recte: chaithfírecte: chaithfíormondohttps://www.blogger.com/profile/08824973477738424375noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-18264692170122390562010-10-12T04:05:33.490-07:002010-10-12T04:05:33.490-07:00Níor tháinig mé ar idirdhealú cruinn idir "gl...Níor tháinig mé ar idirdhealú cruinn idir "glas" agus "uaine" go dtí seo ach d'fheictí dom riamh, is dócha, gurbh é "glas" dath an nádúir agus "uaine" dath na ruaime.

Caithfí cuimhneamh air, déarfainn, nach bhfuil nó nach raibh riamh raon leathan dathanna i dtíortha dúchais na nGael. Taitníonn míniúchán de chuid Mona liom dá bharr. Agus tagann sé leis an méid a léitear sna sean-leabhair.ormondohttps://www.blogger.com/profile/08824973477738424375noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-16710025897741231912010-10-12T02:05:06.776-07:002010-10-12T02:05:06.776-07:00Ann an Gàidhlig na h-Alba:
Faodaidh a' mhuir a...Ann an Gàidhlig na h-Alba:
Faodaidh a' mhuir a bhith "glas" no "gorm", ach chan faod "uaine".
"uaine", seo dath deàrsach, soilleir, sorcha, gu tric rudeigin mi-nàdurrach, no mar a chanas iad: "uaine nimheil".
Ann an nàdur, seo an diofar, gu bheil "gorm" dorcha, agus "glas" nas soilleire no aotrom.Monanoreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-79148366642748710912010-10-12T01:56:47.765-07:002010-10-12T01:56:47.765-07:00Tá plé ar seo ag Guy Deutscher san leabhar is nua ...Tá plé ar seo ag Guy Deutscher san leabhar is nua aige - Through the Language Glass: How Words Colour Your WorldEBaireadhttps://www.blogger.com/profile/13756111621546766935noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-70026912963527267192010-10-12T01:10:58.591-07:002010-10-12T01:10:58.591-07:00Chonaic, agus seo iad
Is fearr cuimhne an scamail...Chonaic, agus seo iad

Is fearr cuimhne an scamaill ríomhaireachta ná mo chuimhnese!aonghushttps://www.blogger.com/profile/17809657304269246594noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-67234927763704457322010-10-12T01:08:29.041-07:002010-10-12T01:08:29.041-07:00Rinne iníon Kevin Scannell taighde ar seo, ach ní ...Rinne iníon Kevin Scannell taighde ar seo, ach ní cuimhin liom an bhfaca mé na torthaí riamh.aonghushttps://www.blogger.com/profile/17809657304269246594noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-66877824490218243182010-10-12T00:59:26.610-07:002010-10-12T00:59:26.610-07:00Glas ar rudaí nádúrtha, uaine ar rudaí saorga, don...Glas ar rudaí nádúrtha, uaine ar rudaí saorga, don gcuid is mó. i. féar ghlas: solas uaine.

Gan eolais bhreise "grey" an tuiscint a bheadh agam ar ghlas seachas sin.aonghushttps://www.blogger.com/profile/17809657304269246594noreply@blogger.com