01 Aibreán 2010

staidiúir an scríobhaí


Seo agaibh sé radharc ar an scríobhaí meánaoiseach ag obair, ó fhoinsí na linne sin a bheag nó a mhór. Thug Liz faoi deara gur féidir nach raibh an staidiúir a bhíodh acu os comhair deasc claonta ró-eirgeanamaíoch (ergonomic). “Bheadh strus uafásach ar do rostaí,” a dúirt sí. Más fíor, cén fáth a ndearna siad é? Caithfidh go raibh buntáistí ag baint leis an gclár claonta. Nó an tuairim ró-loighciúil é sin?






6 comments:

  1. Bhuel, nach bhféadfaí a rá gur 'clár claonta' atá ag an ríomhaire glúine, ar bhealach...:-)

    ReplyDelete
  2. Seans gurbh fhusa an pár a shoilsiú sa suíomh claonta?

    ReplyDelete
  3. Is ealaíontóirí iad agus iad ag cóipeáil (go háirithe pictiúr a 1 agus a 5 )Tá an tábhacht chéanna tugtha don há lámhscríbhinn. I bhfad níos éasca ná bheith a chóipeáil ón gclár dubh. Cad a dhéan siad dá mbeadh botún déanta acu nó an raibh siad go léir foirfe?

    ReplyDelete
  4. Tá an tábhacht chéanna tugtha don dá lámhscríbhinn

    ReplyDelete
  5. Botún? In áit líne a chur tríd, chuir siad ponc os cionn na litreacha len iad a scriosadh. Fuair muid na poncanna séimhithe ón tseift sin. Is ionann ‘fh’ nó ḟ (an féidir libh an f buailte a fheiceáil?) agus náid (.i. litir scriosta) agus tá ‘sh’ nó ṡ beagnach chomh balbh sin. Scaip úsáid an phoinc ón dá litir sin.

    ReplyDelete
  6. @ Ormondo - Is dócha go bhfuil an ceart agat. Agus is cuimhin liom anois, a bhuí le teachtaireacht ó Phamela O'Neill ar an liosta Old-Irish-L, go ndearna muid “mechanical drawing” ar chláir chlaonta nuair a bhí mé ar an meánscoil.

    ReplyDelete