Anocht d'ith mé an leathbhreac Hawaiiach de arán donn agus stobhach Gaelach: poi agus laulau. Faigheann ollmhargadh anseo i Seattle an dá délice seo caol díreach ó Hawai‘i. Sin buntáiste amháin atá againn anseo ar imeall an Domhain Thiar! Níl a fhios agam ach is féidir nár itheadh ceachtar acu seo riamh in Éirinn.
Tosaíonn an dá bhia seo le kalo (nó taro), planda a fhásann in uisce, cosúil le rís. Itear na duilleoga agus na fréamhacha araon.
Tá laulau beagán casta. Filltear muiceoil nó sicín, duilleoga úra kalo, agus beagán iasc saillte isteach i nduilleoga ki (nó ti) agus bruitear i ngalchorcán an pacáiste seo. Ní itear na duilleoga ki. Tá na duilleoga kalo beagáinín cosúil le spionáiste agus iad bruite -- nó meascán de spionáiste agus samhadh. Laulau le sicín a bhí agam anocht, ach seo pictiúr de laulau le muiceoil díreach tar éis é a oscailt. (Ní dhearna mise an méid seo uilig seo ar chor ar bith. Laulau prêt à manger a cheannaigh mé!)
Agus séard a itear leis an laulau ná poi, céard eile? Is rud cuibheasach simplí é an poi seo. Tá sé an-mhín, beagán géar, agus itear le spunóg é na laethanta seo. Bíonn dath liathchorcra air i gcónaí.
Déantar as fréamhacha an kalo é. Bruitear iad, scamhtar iad agus brúitear iad. Sin an méid.
Ceannaíonn beagnach chuile dhuine poi ón ollmhargadh, i mála plaisteach. Seo é an branda a d'ith mé anocht.
Bhí an béile seo chomh blasta agus go raibh orm é a roinnt libh!