02 Iúil 2012

murtall



Ag deireadh an 19ú haois bhí Ada Briggs in ann a cuid a shaothrú lena méid is lena meáchan. Ghnothaigh sí suas go $60 in aghaidh na seachtaine mar “attraction” in Barnum's American Museum, agus i “seónna fraeic” eile.


Inniu, áfach, is féidir mná (agus fir) chomh ramhar céanna agus níos raimhre fós a fheiceáil gan táille ar bith a íoc san ollmhargadh, ar an mbus, ar an teilifís agus chuile áit eile.

8 comments:

  1. Aha! Focal nua.

    ReplyDelete
  2. Ceann eile duit: beathaitheacht

    ReplyDelete
  3. Ada bhocht. Ar mhair sí i bhfad? Níl mórán le fáil fúithi ar-líne, seachas corr-ghriangraf nó dhó.

    ReplyDelete
  4. Sin an méid atá ar eolas agam fúiithi. Is de thaisme a tháinig mé ar na pictiúir seo.

    ReplyDelete
  5. Beagán deacrachta agam leis an míniú sin ar ‘beathaitheacht’. Nuair a deir feirmeoir go bhfuil ‘eallach beathaithe’ aige, ionann sin is a rá go bhfuil an eallach réidh don mhargadh, murab ionann is a rá go bhfuil an beithíoch ‘ramhar nó ró-ramhar’. Nuair a thug an t-athair úd an t-ordú an lao beathaithe a leagadh, ba ag tagairt d’ainmhí a bhí gach pioc réidh don scian a bhí sé, ní do chineál peata feirme. Thairis sin, ar na teideal atá bronnta agam ar mo chéile tá Beathaitheoir na nÉan. Is á mbeathú a bhíonn sí, ní á ramhrú. Is ceann de shaintréithe na NuaGhaeilge an tsleamchúis a dhéantar i gcás beaichte brí focal, deacracht atá pléite go mion minic agam le scríbhneoirí eile. Agus mé ag déanamh staidéar ar leabhar nua Damian McManus, ‘A Bardic Miscellany’, díolaim de dhánta ó ré an Dáin Dhírigh, is léir gur ghlac na filí an-chúram agus iad ag roghnú focal. Trua an nós sin dulta in éag.

    ReplyDelete
  6. Tuigim “beathaitheacht” mar euphemism ar mhurtall. Dála an scéil, cad as don fhocal seo? Ní sé le fáil in eDIL.

    ReplyDelete
  7. Is dócha go raibh sé ní ba dheacaire a bheith chomh ramhar sin san 19ú haois ná ar na saolta seo. Bhí fadhb lóistíochta ag roinnt leis sin, gan dabht, agus ollmhargadh (agus mórán airgid) gan a bheith ar fáil d'fhormhór an phobail.

    ReplyDelete
  8. Murtall: beagán faoi sa DIL; muirt/moirte: deascadh (fíona, beorach).
    muirtill (ualach muirtil na beatha so).
    Ar an drochuair, dealraíonn gur NuaGhaeilge iad uile

    ReplyDelete