27 Iúil 2012

Ó Cuív



Is dócha go bhfuil a fhios ag chuile dhuine gurbh é Brian Ó Cuív, athair Éamoin Uí Chuív, a chuir an litriú “Cuív” in áit “Caoimh” ar a shloinne. Ach bhí litriú níos aistí ná é sin ann 400 bliain nó níos mó ó shin. Tá sé le feiceáil sa phictiúr thuas, ó Annáil Inis Fhaithlinn, fol. 47r sa lámhscríbhinn Rawl.B.503. An sliocht ar fad:

Corc mac fínguni i kymh d'ec. Bennact era anamin.

Corc mac Finguine uí Chaoimh d'éag. Beannacht ar a anam.

Éamon Ó Kymh?

4 comments:

  1. agus d'athródh sé chuig Cymh é cibé ar bith, chun go dtiocfadh a shloinne in airde liosta ar an duilleog vótál.

    ReplyDelete
  2. An chéad iarracht ar "O.K" a rá in aon teanga?


    Fearn

    ReplyDelete
  3. De réir Wikipedia (má's féidir brath air) ba é a shean-athair Shán Ó Cuív a d'athraigh go Cuív é. De réir dealraimh, chum sé córas nua litriúcháin chun scríobh na Gaeilge a shimpliú.

    ReplyDelete
  4. John - Tá an ceart agat. Shán a rinne é ceart go leor.

    ReplyDelete