07 Iúil 2012

Gaelg #2



Thuig mé an bheannacht seo gan stró ar an gcéad amharc, ach amháin an focal “maynrys”. Chuaigh mé go dtí an t-idirlíon agus fuair mé anseo é. Séard atá againn mar sin ná

Sláinte Mhaith agus Sonas
ar an Teach Seo

Ach... cad as don fhocal “maynrys”? Is dócha go bhfuil gaol aige le focal Gaeilge nó Gàidhlig. Ach ní aithním é!  Grrr.  Méin? Maoin?  Ah... fan go fóill... méanar?! Caithfidh gurb é sin é.

Ceist eile anois: cad as do “méanar”?  Scéal sách suimiúil é sin, más duine thú a bhfuil suim aige sa leithéid!  Tháinig “méanar” ó “mad génair”, ón mbriathar Sean-Ghaeilge “gainithir = be born” móide an aidiacht “maith”.

An chiall bhunúsach atá le “mad génair” ná “rugadh go maith é/í”.  Giorrúchán de “maith” is ea “mad”.  Le himeacht aimsire rinneadh teilgean cainte de “mad génair” a raibh brí níos leithne leis: “ámharach, beannaithe, sona”, agus d'athraigh cruth na bhfocal de réir a chéile:

mad génair > modgénair > modhghéanar > méanar.  

5 comments:

  1. Is minic 'Muise, nach méanar duit!' cloiste agam, a Dennis, agus ní dóigh liom gur beannacht a bhíodh sé i gceist leis i gcónaí..:-)

    ReplyDelete
  2. An rud a dtugann na Francaigh “le second degré” air, .i. “dire le contraire de ce que l'on pense”?

    ReplyDelete