26 Iúil 2012

crann tabhaill?



Tosaímis leis an gcur síos seo ar Chú Chulainn sa Táin (LU 5090) :

Fo·cheird-seom cloich asa thábaill co mmebaid fertas carpait Conaill Chernaig.

Chuir sé cloch as a thabhall agus bhris sé fearsaid charbaid Chonaill Chearnaigh.

Ach céard go díreach a bhí sa “tabhall” seo?  “Sling (for throwing)” a deir FGB. Rud éigin cosúil leis an rud sa phictiúr thuas, sreang le póca beag ann? 

Ach deir eDIL “sling, perhaps with a wooden handle”. Shíl mise riamh gurbh é rud éigin cosúil leis an mball chucker seo thíos a bhí ann. Feidhmíonn sé seo mar fhairsingiú ar lámh an chaiteora, rud a thugann longer arc of acceleration dó. I bhfocail eile, téann an liathróid níos faide, le níos mó cumhachta.



Tá tuiscint níos fearr agam ar an tabhall, nó an crann tabhaill, anois a bhuí le halt a léigh mé ar líne le déanaí ar Dháiví, an laoch sa Bhíobla a mharaigh Góla an Filistíneach. 

Is cosúil gurbh é fustibalstaff sling a chuir Michelangelo i láimh Dháiví (an dealbh chlúiteach atá mé a rá) nuair a “d'imigh sé leis ansin in aghaidh an Fhilistínigh agus a chrann tabhaill ina láimh aige” (1 Sam. 17:40), cé nach bhfuil mórán de le feiceáil inniu.


Agus céard is fustibal ann? Tá dhá cheann díobh le feiceáil sa phictiúr seo. Tá siad an-chosúil leis an mball chucker thuas. Agus tá wooden handle orthu, díreach mar a deirtear san fhoclóir eDIL. Cibé cén sórt tabhaill a bhí ag Dáiví dáiríre (más fíor don scéal ar chor ar bith) tá mé réasúnta cinnte anois gur fustibal a bhí i láimh an laoich Eorpaigh Cú Chulainn (má bhí seisean ann ar chor ar bith).

5 comments:

  1. Deir na matamaiticeoirí nach raibh, nó gur cumasc é, fearacht Ferdia, Méabh agus Feargus.

    Ach shamhlóinn an ceart a bheith agat maidir leis an gcrann tabhaill. An dtugann eDil aon nod faoin tuige a bhfuil an tuairim sin acu? De bharr ar focal "crann" a bheith ann?

    ReplyDelete
  2. Is cuimhin liom go dúirt an múinteoir linn ar scoil gur inchinn caorach siocaithe le aol i leaba clocha a bhí gá n-úsáid.

    Ar labhair sé go fíor de réir na Tána?


    Fearn

    ReplyDelete
  3. Inchinn duine siocaithe le aol ba thrúig bháis do Conchubhar Mhic Neasa. Ní cuimhin liom ainm an laoich a bhain díoltais iarbháis amach sa tslí sin.

    ReplyDelete
  4. Shíl mé gur inchinn caorach a bhí ann, agus sin an scéal a bhí i mo cheannsa. Huim! Bheadh sé bí ba spéisiúla más inchinn duine a bhí ann, namhaid ínteacht.
    Nár bhuail an t-urchar Conchubhar agus nárbh fhéidir don lia a bhaint as óir bhéarfadh sin a bhás, agus tháinig Conchubhar, an t-urchar i gcónaí sáite ina chloigeann. Blianta ina dhiaidh agus é ag éisteacht le scéal Íosa, mar is dual, tháinig crith feirge air nuair a chuala sé an drochíde a bheir do Íosa agus thit an t-urchar dá chloigeann. Thug sin bás Chonchubhair.


    Fearn

    ReplyDelete
  5. De bharr ar focal "crann" a bheith ann?

    Ach ní cuid den téarma é an focal “crann” sa leagan Sean-Ghaeilge: “taball”, sin an méid.

    Sa tSean-Ghaeilge agus sa Nua-Ghaeilge, áfach, tá dhá bhrí le “tabhall”, nó tá dhá fhocal ann, mar atá (1) “tabhall = sling” agus (2) “tabhall = writing tablet”. An tabhall seo, uimhir a dó, bhí sé déanta as adhmad, fada agus tanaí, clúdaithe le céir. Déan cuardach le “springmount bog tablets” ar Íomhánna Google. Ní bheadh tabhall #2 sách fada le feidhmiú mar thabhall #1, ach tá an chuma chéanna, a bheag nó a mhór, orthu araon.

    ReplyDelete