18 Iúil 2012

gallúnach Aleppo


صابون حلب

Bhí cara liom sa tSiria bliain go leaith ó shin mar thurasóir. Bhí orthu an tír a fhágáil níos luatha ná mar a bhí pleanáilte, toisc go bhfuil an t-éirí amach ag tosú. Tháinig sí abhaile le bronntanais dá cuid cairde. Fuair mise an ghallúnach a fheiceann tú thuas. Is cosúil gur táirge traidisiúnta de chuid Aleppo atá inti. Tá an dá bharra seo i dtaisce agam anois. Ní bheidh mé sásta iad a úsáid go dtí go mbeidh an tír sin saor  ó bhrúidiúlacht Assad. Níl a fhios agam céard a thiocfas ina dhiaidh, ach is léir anois nach bhfuil i ndán dó-san ach díbirt nó bás.

2 comments:

  1. Is baolach nach gallúnach Aleppo ach cruach na Damaisc atá in úsáid i láthair na huaire. Maidir le hAssad, tá an chuma air go bhfuil a chaiscín meilte.

    Éirí amach ar son na saoirse is ea atá ar siúl ann. De réir na meán cumarsáide abhus, ar aon nós.

    Fan go bhfeicfimid...

    ReplyDelete
  2. Cheannaigh mé gallúnach in Aleppo freisin 3 bhliain ó shin. Is áit fíor-álainn í, le dúnfort i lár cathrach...daoine an-chairdiúil, bia den scoth ! Thóg na Francaigh cúpla línte iarnród ann. Bhí an turas tréin idir An Damaisc agus Aleppo iontach go deo - tríd an fásach ag luí na gréine ! Úfásach an méid atá ag titim amach ann faoi láthair.

    ReplyDelete