03 Iúil 2012

Gaelg


Nod libh: Gaelg = Manainnis


Is cosúil go bhfuil a lán tithe darb ainm “Fy Yerrey” thall ar Oileán Mhanann.



An aithníonn sibh na focail atá i bhfolach sa litriú aisteach atá ag na hoileánaigh bhochta?

11 comments:

  1. Faoi Dheireadh?

    ReplyDelete
  2. Litriú aisteach? Bheadh mo mhic léinn LÁN sásta leis an litriú sin! Bíonn an-chuid deacrachtaí acu le foghraíocht "aoi" agus "dh" sa Ghaeilge.

    ReplyDelete
  3. Sin agat é. Níl a fhios agam beo conas a deirtear é.

    ReplyDelete
  4. Bealach eile le 'Ceann Scríbe' a rá, bhféidir..:-)

    ReplyDelete
  5. Mar "Faoi dheireadh" i gcanuint Uladh sílim ?

    Seán de Grae

    ReplyDelete
  6. Mar "Faoi dheireadh" i gcanuint Uladh sílim ?

    Níl a fhios agam. Tá cuid d'fhoghraíocht na Manainnise níos giorra do Ghaeilge na Mumhan, cuid di níos giorra do Ghaeilge na hAlban, agus a lán di thall i gcúinne dá cuid féin.

    ReplyDelete
  7. Ba bhreá liom an abairt seo a fháil ar leac uaighe!
    ;-)

    ReplyDelete
  8. Fuaimnítear na focail sin thuas (in IPA) mar /fə.ˈjɛɾə/, nó, in aibítir na Gaeilge, "fo dheireadh".

    ReplyDelete
  9. Eastát beag timpeall an chúinne uaim i mBÁC theas leis an ainm 'Fey Yerra'. N'fheadar cén chaoi ar tháinig an t-ainm sin ar an saol anseo.

    ReplyDelete
  10. 'Fey Yerra'

    Bhabh. Ceist mhaith!

    ReplyDelete