11 Iúil 2012

dialann vs. cín lae


Phléigh mé focal a tháinig ar an saol trí earráid (“gósta” nó “taibhse” a thugtar ar a leithéid) sa bhlagmhír roimpi seo. Tá sé chomh maith agam ceann eile a phlé. “Dialann” atá i gceist agam, focal “nua” ar éirigh leis chomh maith céanna le “bliosán”, nó níos fearr fós.


Risteard Pluincéad a chum an focal seo ar dtús. Rinne sé comhfhocal de “dia = lá” agus “lón = soláthar bia”, mar aistriúchán ar an téarma Laidine “diarium” a chiallaíonn “daily ration”,  go háirithe san iolra “diaria”. Ach tá brí eile le “diarium”, mar atá “diary, journal”. Thóg Edward Lhuyd an focal seo ó fhoclóir an Phluincéadaigh agus chuir sé ina fhoclóir féin é mar “dialon, diary or day-book”. Chuaigh an focal ó fhoclóir go foclóir mar “dialon” ar dtús agus ansin mar “dialann”, toisc gurb ionann “lann” agus “áit”. Tá “dialann = day place” ar aon dul le “bialann, otharlann, leabharlann” srl., agus cuma na dea-Ghaeilge air.

diarium, nó lón bia


Ach, ní raibh gá leis an bhfocal seo riamh! Bhí téarma an-deas ann cheana féin, mar atá “cín lae”. Is focal ársa “cín” a chiallaíonn “leabhar”. Tháinig sé on Laidin ach is cosúil go raibh sé sa teanga le fada. Tá an iontráil seo againn in Sanas Cormaic (ca. AD 900) :

Cīn memraim a quinque, ar it cōic tūaga ata tēchta do bith innti.
Is ionann “cín” agus “meamram”, toisc go mbíonn cúig leathanach inti ó cheart.

Tá an míniú seo ceart ar fad, ach amháin gur ó “quina” (= déanta as cúig rud) a tháinig an focal, seachas ó “quinque” (= cúig).

7 comments:

  1. Grma arís. Muiris

    ReplyDelete
  2. Aidhe! Sin cúigleáil gan aon agó!!


    Fearn

    ReplyDelete
  3. Measaim go bhfuil cineál "quinque altum", nó "cúig ard" tuillte agat as an mblagmhír seo.

    Ní fheadar cad a thugfaí air sa lá inniu murab ann dó cheana féín agus dá mba ghá é a chéadcheapadh as an nua: "cion lae"?

    Nó "daighrí"...

    ReplyDelete
  4. So...
    Phléigh tú an focal 'dialann'...
    Chonaic tú go raibh diall ann...
    Gur tháinig sé ó 'Dia lón'...
    A bhí scríofa mar 'dialon'?

    Dia linn!

    ReplyDelete
  5. @ Dennis

    Is maith liom 'cín lae'. Cé nár choinnigh mé ceann riamh mé féin, léigh mé faoi Cín Lae Amhlaoibh (1827-1835) agus mé i mbun céime.

    Blagmhír shuimiúil, mar is iondúil..:-)

    ReplyDelete
  6. Tá áthas orm gur thaitin an bhlagmhír seo agus an ceann roimpi libh, a chairde! Anois... dá mbeinn in ann an scéal taobh thiar de “úimléid” a fháil. Is maith liom an focal seo, nach n-úsáidtear minic go leor, ach tá mé dall ar a shanasaíocht. Grrr.

    ReplyDelete
  7. Tá 'dialann' tar éis 'cín lae' a ruaigeadh cuid mhór, is minice go mór agam dialann a chlos. Ó go bhfuil sé againn anois gura fada buan e.

    ReplyDelete