16 Iúil 2012

Dathanna a chuireann masmas ort?



Níl aon rud nua le rá agam anseo dáiríre, ach ní féidir liom na dathanna sna pictiúir sa bhlagmhír roimpi seo a fhulaingt níos mó ag ceann an bhlaig. An dath ar chlúdach an leabhair le Dónall Mac Amhlaidh is mó a chuireann masmas orm, ach tá an dath ar an Humanitarian Daily Ration beagnach chomh dona céanna.

An bhfuil dathanna ann atá dofhlaingthe duitse?


13 comments:

  1. Braitheann sé ar an gcomhthéacs!

    Ach le hiníon óg agam táim ag éirí bréan de bhándearg.

    ReplyDelete
  2. Is mithid do na fir an dath sin a fháil ar ais! Bíonn áthas orm i gcónaí nuair a fheicim fear a bhfuil léine bándearg air.

    ReplyDelete
  3. Fearacht Mick Wallets TD?

    Is an uilíochas bándearg a chuireann as dom seachas an dath an féin.

    ReplyDelete
  4. Ar nós Jude Law sa scannán Alfie!

    ReplyDelete
  5. DAS, bhfuil tiaras agus tutus ar fud an tí freisin?

    ReplyDelete
  6. Tá (...bhuel bhí) milseán ann, ceann dosna "liquorish all-sorts" a raibh dath an-bhándearg air agus d'eirigh mé tinn tar eis ceann a ithe agus mé 5 nó 6 bliain d'aois. As sin amach ba fuath liom an sian dath ar leith bándearg sin!

    ReplyDelete
  7. Aon dath atá cosúil le dath smaoise..:-(

    ReplyDelete
  8. Anois, anois!

    Cé a chuireadh ainm Gaeilge ar dath achan teascán as an sé theascán déag ar fhichead?



    Fearn

    ReplyDelete
  9. Ní ceist simplí atá ann!

    ?? Is “nasc te” an abairt seo ach is ceann caoch é.

    ReplyDelete
  10. Ah! Chím an fhadhb. Rinne mé dearmad http:// a chuir roimhe.

    http://borel.slu.edu/colors/report.html

    ReplyDelete
  11. Bhí cógas bándearg i bpróca beag ann a d'fhaighimis mar pháistí sna seascaidí agus chuireadh an dath (agus an blas ina theannta) fonn urlacain orm, agus ar mo dheirfiúr freisin. Ní chuimhin liom go cruinn an t-ainm a bhí air ach lederamaigh-san, nó rud mar sin, an leagan foghraíochta den ainm.

    Ba spreagadh mór dúinn bisiú nuair a bhagraíodh mo mháthair an leacht bándearg masmasach siúd orainn!

    ReplyDelete
  12. Á! Do phost DF 2010.

    De spéisiúlacht!

    Buíochas.

    Fearn

    ReplyDelete