05 Meitheamh 2012

teanga Chaucer



An bhfuil éinne amuigh ansin, tú féin nó cara leat nó cara le cara leat, a bhfuil teanga an duine seo ar a thoil aige? Tá scéilín na Manach againn ina lán teangacha, Béarla agus Sean-Bhéarla san áireamh. Ach thug mé faoi deara nach bhfuil leagan de i Meán-Bhéarla. Is bearna ollmhór, bearna dho-fhulaingthe é sin!

Tríar manach do·rat díultad dont ṡaegul.
Þrīe munucas forlēton þā worulde.
(bearna)
Three holy men forsook the world.

10 comments:

  1. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  2. ...B’fhéidir:

    Thre monkes the world forsoke(n).

    ???

    ReplyDelete
  3. Sin tús maith, a Bhriain, ach níl mé cinnte den bhriathar. Le fírinne, níl mé cinnte d'aon chuid den teanga úd!
    ;-)

    An ndearna tú staidéir uirith san ollscoil?

    ReplyDelete
    Replies
    1. Níor léigh mé ach cuid de shaothar Chaucer... Ach sin í foirm na haimsire caite atá ag an OED ar an mbriathar “forsake” mar a bhí in aimsir an Mheán-Bhéarla. Cf.:

      “pa. tense OE forsóc, ME forso(c)k, south. vorsoc, vorsok, ME–15 forsoke, (ME forsuk(e, 15 foresoke), 15–16 forsooke, ME– forsook; also 16 weak form forsaked.”

      ...Agus tá a fhios agam gurbh iad ⟨-e⟩ agus ⟨-en⟩ gnáth-dheirí briathra na tríú pearsan iolra. Cuirim i gcás na samplaí seo a leanas (atá san OED) freisin:

      “1389 Serm. (MS. Helm.) , Þei [Ananie and Safira] forsoken to Petir here monei þat þei hadden.”

      Dhiúltaíodar [Ananie agus Safira] Peadar faoina gcuid airgid, rud a bhí folaithe acu.

      “1483 Caxton tr. J. de Voragine Golden Legende 81 b/2 For we haue not folowed the synne of our fadres that forsoken theyr God.”

      Óir níor chleachtamar peacaí ár sinsear a dhiúltaigh dá nDia.

      Delete
  4. Go raibh míle maith agat an míniú go léir agus as an am a chaith tú leis! An teanga SOV an Meán-Bhéarla de ghnáth? Feicim gur chuir tú “forsoken” ag deireadh na habairte.

    ReplyDelete
    Replies
    1. Ní hea—ní raibh mé ach ag cuimhniú ar véarsaíocht Chaucer féin, is dóigh! “Thre monkes forsoken the world” mar sin!

      Delete
  5. An bhfuil fonn ort treabhadh ar aghaidh leis an gcéad abairt eile anois? Dála an scéil, beidh mé as baile, i Mississippi, go dtí lár na seachtaine seo chugainn. Níl a fhios agam an mbeidh deis agam rud ar bith a dhéanamh anseo san idirlíon.

    ReplyDelete
    Replies
    1. Bhuel ar aon chuma is cosúil gurb í foirm an uatha a leanas an uimhir, viz.:

      “Thre monke the world forsoken”

      Agus ina dhiaidh sin b’fhéidir:

      “Thei goon in a wyldernesse in penaunce of hir synnes byforn god”

      “Thei weren for a yeer with outen speeche”

      ...

      Níl mé cinnte dearfa faoi sin!

      Delete
  6. Is maith é! Lean ort, le do thoil!
    - Dennis, ag scríobh ó Anguilla, Mississippi

    ReplyDelete
    Replies
    1. Níl mé siúráilte an bhfuil sé seo ceart...

      “Thre monke diden the world forsake.

      Thei goon in a wyldernesse in penaunce of her synnes byforn god.

      Ful a yeer weren thei with outen speeche.

      Ones that a twelmonthe was agon oon of hem spak unto his felawe:

      ‘Wel is us,’ quod he.

      So kepte hemselve for a nothere yeer:

      ‘Ful wel in dede,’ quod the nexte man.

      Thei weren thennes yet a nothere yeer in that place.

      ‘I swere by myn abyt,’ quod the thridde man, ‘if ye ne wolle yeven me noght quyete, I yow yive the hool wyldernesse.’”

      Delete