04 Meitheamh 2012

matamataic agus mionteangacha




Cad é seo in ainm Dé?  Mallacht nó pisreog nó bagairt éigin ón gCat Mara? Séard atá ann, dar leis an matamataiceoir Anne Kandler, ná samhail a mhíníonn go beacht céard atá ag teastáil leis an nGàidhlig a choinneáil beo. Agus céard é sin? Ní hansa: 860 Béarlóirí ag foghlaim na teanga gach bliain.  Tá Bòrd na Gàidhlig sásta leis sin, de réir dealraimh. Deir siad gur féidir leo an sprioc sin a bhualadh.  Tá an scéal ar fad le léamh anseo.

3 comments:

  1. Is fada ó bhí teagmháil agam leis an gCalcalas difreálach, ach measaim go dtuigim an anailís agus na torthaí a mbaintear aisti. Ar an drochuair, braithim go bhfuil bearnaí móra san anailís. Gan ach ceann amháin díobh a lua, tá gan aon luach a bheith tugtha do sheachadadh na teanga, sé sin don chéatadán de thuismitheoirí a bhfuil an teanga nó roinnt di acu agus a labhraíonn an teanga ó bhreith lena leanaí. Is fusa tábhacht ‘seachadadh’ a thuiscint ach staid na teanga i Maigh Eo a mheá; Gaeilge líofa ag roinnt mhaith tuismitheoirí, gan focal di ag a bpáistí ar shroicheadh na bunscoile dóibh. Ar ndóigh, seans ann gur cuid de na téarmaí ‘luach/urram’ an seachadadh, ach ní fheicim sin san anailís.

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat as an míniúchán, a Sheáin. Tá mé níos cinnte ná riamh anois gur ortha uimhriúil atá ann!
    ;-)

    ReplyDelete
  3. An-suimiúil ar fad.

    Dá mbeadh caomhnú teanga chomh simplí sin... :(

    ReplyDelete