28 Meitheamh 2012

droch-Ghaeilge ar fhógraí


Gaeilge dhothuigthe agus Béarla lochtach:


AAAarrrghhhhHHH!!!

Mura bhfuil sé ann cheana féin, tá rogues gallery na droch-Ghaeilge ag teastáil uainn ar an idirlíon: áit le grianghrafanna de fhógraí mar seo a thaispeáint le chéile.

12 comments:

  1. Nach cuimhin libh an rabhadh péinteáilte ar imeall an bhóthair san ardchathair?

    “LOOK RIGHT; FÉACH CEART”

    ReplyDelete
  2. Má tá sé ann fós, tá grianghraf de ag teastáil uaim!

    ReplyDelete
  3. Iontach!! Tá a fhios agam cá bhfuil cúpla ceann. Bay may arash!!

    ReplyDelete
  4. Tá traidisiún na droch-Ghaeilge i nGaillimh. nach raibh "busanna cacacha" acu tamall ó shin?

    ReplyDelete
  5. nach raibh "busanna cacacha" acu tamall ó shin? Bhí. Bhí grianghraif i gceann de na nuachtáin, ach níl sé ar líne go bhfeicim.

    Bhí "Féach an cheart" ar fógra san áit go mba cinnte go bhfeicfí é: ar chúinne Sráid Fhearchair gar d'oifigí Conradh na Gaeilge. Leasaíodh sách tapaigh é.

    Bhí fógra "Margadh an Bhéarla/English Market" i gCorcaigh le déanaí freisin, ach leasaíodh é sin agus níl ag éirí liom teacht ar phic. ar líne (ach bhí siad ann)

    ReplyDelete
  6. Béarla mícheart freisin. IAC.

    ReplyDelete
  7. Cuirfidh a leithéid de bhailiúchán lionn dubh, lagmhisneach agus ísle brí orm!

    ReplyDelete
  8. IAC = ??

    Sea, Béarla lochtach freisin, mar a dúirt mé thuas.

    ReplyDelete
  9. @ Aonghus - Is cuimhin liom “armlanna” in áit “irisí” i siopa leabhar, agus “bleibeanna” in áit “bolgáin” in ollmhargadh na blianta ó shin.

    ReplyDelete
  10. Botún coitianta bleib(ín) ar bholgáin, sin a bhí againn féin sa bhaile.

    Chonaic mé ceann deas i Luimneach traidhfil blianta ó shin: Preabshábh (in áit míreanna mearaí)

    Foclóiris!

    (DAS IAC = In ainm Chroim nó FFS sa Sacsbhéarla)

    Maidir leis na comharthaí bóthair úd, toradh iad sin ar thaighde a rinneadh thar cheann Conradh na Gaeilge. Breis anseo

    ReplyDelete