23 Meitheamh 2012

Doe's Eat Place


An Bhialann Is Aistí Inar Ith Mé Riamh


Ainm: Doe's Eat Place
Áit: Greenville, Mississippi
Bunaithe: 1941
An Biachlár: gan bhiachlár scríofa, ach steaks le sceallóga is sailéad; gulf shrimp; tamales; beoir
Praghasanna: $$$
An Chliantacht: gustalach
Gnás Feistis: mar a fheiceann tú thuas



Tá an chistin i gceartlár na háite agus déarfainn go bhfuil cuid mhaith de na feistis chomh sean leis an áit. Maidir leis an áit, tá an rud ar fad, ballaí agus urlár, ar claon.



Seo é an doras cúil, a bhí in aice lenár mbord.  Scian sáite i bhfráma an dorais len é a choinneáil dúnta!


Bhí an bia an-mhaith, ach is féidir bia chomh maith céanna a fháil in áiteanna eile atá i bhfad níos compordaí agus níos glaine. Céard atá ar siúl anseo? Níl mé iomlán cinnte, ach tá ar a laghad dhá rud ag obair le chéile anseo: traidisiún agus aistíl, dhá rud atá fréamhaithe go domhain i gcultúr an Deiscirt.

6 comments:

  1. agus shíl mé go raibh an chistin agam féin relaxed! Dála an scéil, tá mé ag fáil teachtairachtaí mar gheall ar mo leathanach féin agus an ceann seo ó Symantec go bhfuil muid 'contúirteach'.

    ReplyDelete
  2. Bheadh an bhialann sin dúnta ag an Údarás Sábháilteachta Bia anseo, a Dennis.

    DAS is maith liom an focal 'gustalach'. Shíl mé gur "lán de gusto" a bhí i gceist aige, ach feicim anois gur saibhir atá ann.

    ReplyDelete
  3. Bheadh an bhialann sin dúnta ag an Údarás Sábháilteachta Bia anseo

    Agus abhus anseo i Stát Washington! Is cosúil go bhfuil stádas ar leith acu... nó go raibh siad “grandfathered in” mar a dúirt duine amháin liom.

    Feirimeoirí teanna agus a sliocht is mó a itheann ansin, daoine “well to do”. Tá an bhialann suite i gcomharsanacht bhocht atá 100% dubh, ach ní itheann na daoine úd chez Doe.

    ReplyDelete
  4. ... Symantec go bhfuil muid 'contúirteach'

    B'fhearr liom a bheith contúirteach - mo chuid briathra go háirithe - ná a bheith i gcontúirt!
    ;-)

    ReplyDelete
  5. Tá cupla áit mar sin i mo cháthair féin sna comharsanachta gorma anseo inar gcathair féin. Dhá cheann. Bhí siad ag na daoine gorma amháin, agus ansin, d'éirigh siad an-popular leis na daoine geala go tobann sna 90í.

    D'Itheadh tuismitheoirí Kenny iontu nó ḋ'ordaigh siad take-out uathu go minic ina dhiaidh sin. Ní raibh mórán spáis acu iontu! Tá súil 'am go raibh na húinéirí chomh cliste 's na daoine ag Chez Doe, agus iad ag ardú na praghsanna!

    {Níor ith mé béile i gceann acu ariamh, ach chuala mé go raibh an bia go maith.}

    ReplyDelete
  6. 'beagán salachair = sláinte', b'fhéidir..:-)

    ReplyDelete