12 Meitheamh 2012

Cruthaigh nach róbat thú.


Cliceáil le méadú.

Feictear dom go bhfuil an cruthú atá ag teastáil uathu tar éis éirí i bhfad níos deacra ná mar a bhíodh. Ní féidir liom rud ar bith, uimhir nó focal, a aithint ar an taobh deas, agus níl GIImest ar an taobh eile chomh héasca sin ach oiread, mas é sin atá ann.  Caithfidh go bhfuil na róbait ag éirí níos éirimiúla in aghaidh an lae. Nó tá Blogger ag éirí níos paranóidí. An bhfuil míniú eile ag éinne?

3 comments:

  1. @ An bhfuil míniú eile ag éinne?

    Níl, ach amháin gur thug mé an rud ceannann céanna faoi deara mé féin, a Dennis, agus cuireann sé an bhean seo soir go minic!

    ReplyDelete
  2. Ag éirí seafóideach deacair atá! Ach tig iad a mhúchadh ar do bhlag féin! Is drogall liom scríobh air toisc a dheacair is atá. Díreach ansin rinne iarracht ach theip orm, anuas air sin ní dóigh liom go mbeadh mórán turscair agat in aon chor!

    ReplyDelete
  3. Caithfidh go bhfuil na róbait ag éirí níos éirimiúla in aghaidh an lae

    Tá. Tá ríomhairí ag éirí níos cumhachtaí agus próiseáil pictiúir níos fearr. Is dócha go bhfuil blogger ag iarraidh fanacht céim chun cinn orthu.

    ReplyDelete