13 Meitheamh 2012

Comhionann a cruthaíodh daoine?


Thomas Jefferson vs. Muireadhach Albanach Ó Dálaigh

Cliceáil le léamh.


“Ní comhfhad bhíos barr na mér,
ní bhí uile cách coimhthrén,
clár nocha bí gan bhranán,
ní bhí ál gan uachtarán.”



Nod leat: 


bhíos = a bhíonn
ní bhí = ní bhíonn
nocha bí = ní bhíonn
clár = clár fichille
branán = a principal piece in ancient board-game set (FGB)


Nó féach anseo.

14 comments:

  1. Nach raibh sé amuigh ar Mhac Shearthain go raibh a sclábhlaithe uile ceanúil air?


    Fearn

    ReplyDelete
  2. Bhí sé an-mhór go deo le duine acu ar aon nós!
    ;-)

    ReplyDelete
  3. Agus nár bhain an fear eile an chloigeann de fear cánach!

    Ach ní hionann comhionann agus ionann ná cearta agus tréithe.

    ReplyDelete
  4. Ach is de réir a Weltanschauung féin a bheartaigh Muireadhach an tua sin:

    ní bhí uile cách coimhthrén

    ReplyDelete
  5. Dá mbeadh a fhios ag Jefferson cén sórt céille a bheadh cuid de na daoine ag baint as a chuid focal thuas, bheadh frasa eile ar fad in úsáid aige. : )

    ReplyDelete
  6. Is maith liom an míniúchán breise a cuireadh leis in “Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine” :

    Saolaítear na daoine uile saor agus comhionann ina ndínit agus ina gcearta.

    ... en dignité et en droits.
    ... in dignity and rights.
    ... en dignidad y derechos.

    ReplyDelete
  7. Nach ag Hobbes a bhí an ceart:

    @Nature hath made men so equall, in the faculties of body, and mind; as that though there bee found one man sometimes manifestly stronger in body, or of quicker mind then another; yet when all is reckoned together, the difference between man, and man, is not so considerable, as that one man can thereupon claim to himselfe any benefit, to which another may not pretend, as well as he. For as to the strength of body, the weakest has strength enough to kill the strongest, either by secret machination, or by confederacy with others, that are in the same danger with himselfe."

    ReplyDelete
  8. Ní maith liom féin é, a Dhennis. Ní féidir le daoine atá saor a bheith comhionnann ina ndínit ná ina maoineanna ná ina dtréithe. Agus ní féidir daoine nach bhfuil saor dínit ná maoineanna a bheith acu.

    Bhí an focal saoirse i mbéal gach collectivist a bhí ann ariamh agus a bheas ann go deo, mar is eol dóibh gur maith le daoine a bheith saor. Níl mé ag rá nach maith le daoine rudaí a fháil saor in aisce, ach is maith le gach duine againn a bheith saor ag an am céanna. Fiú nuair atá muid sásta saoirse daoine eile a sharú.

    B'e saoirse an focal gurbh fhearr le Stalin féin é. Cé mhéad dínit ná maoineanna a bhí ag na daoine sa Sóivéid faoi? Faoi Mhao? Faoi Hitler? Faoi Chavez? Faoi Obama agus an Democrats agus RINO's i gCongress?

    Ní maith liom an 'Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine'' ar chór ar bith. Is doiciméad lán de cheartanna dearfacha, in áit ceartanna diúltacha.

    Ní sáraíonn ceartanna diúltacha á gcéile. Is fíorcheartanna nadurtha iad, bunaithe ar loighic agus réasún.

    Saraíonn ceartanna dearfacha á gcéile. Cén chaoi is féidir leo a bheith ina bhfíorcheartanna nuair a bhíonn siad sáraithe ag ceartanna eile agus ag sáru ceartanna eile? Más ceart iad i ndairríre. An freagra? Ní féidir.

    Is scrios-gach-ceart iad. Fágann siad daoine gan ceartanna, gan saoirse, gan dínit agus gan maoin.

    ReplyDelete
  9. Caithfidh mé an leabharAnimal Farm a léamh arís, ceapaim.

    ReplyDelete
  10. @MiseÁine is fiú:

    @April: cad is brí le cearta diúltacha? Tá sé de cheart agat NACH ndéanfar rud éigin leat, an ea? i. Tá sé de cheart agat gan do bheatha a bheith bainte díot?

    Is dóigh liomsa go mbíonn barraíocht cainte ar chearta gan chuir san áireamh go dtéann dualgas le gach ceart!

    ReplyDelete
  11. Sin é, a Aonghuis! Nach í an Ghaeilge an teanga is cruinne uaireanta?

    Is iad ceartanna diúltacha na ceartanna ina bhfuil nach n-iarrtar aon rud ar duine ar bith eile agus thú ag baint leasa astu. Is féidir daoine eile a dhiúltú. Ní chuireann siad isteach ar ceann ar bith de na ceartanna eile. {Saorse cainte, saoirse comhthionóil, saoirse caidrimh, saoirse creidimh, saoirse thú féin a chosaint ó bhforéigean agus a bheith armtha, saoirse gan do bheatha a bheith bainte díot.. : )} Tá an ceart agam rud ar bith a rá seachas bréag, agus ní chuireann do shaoirse chomhthiomsaithe isteach orm beag ná mór. Fiú, dá mbeifeá ag baint úsáid as do shaoirse chun mé a sheachaint mar nach maith leat céard atá mé ag rá. Is féidir liom é a rá fós. : )

    Is iad ceartanna dearfacha na ceartanna nach bhfeadfái iad a chomhlíonadh gan seirbhís, maoin, am, nó comhluadar a iarr nó a bhaint de dhuine nó de dhaoine eile. Ní féidir leat leas a bhaint as ceart dearfach ar bith gan é a éileamh ar dhuine nó ar dhaoine eile é a chur ar fáil dhuit. Sáraíonn siad na ceartanna eile. Cén chaoi is féidir leat 'ceart' a bheith agat bia, leigheas, airgead, post, comhluadar ná dídean a bheith cur ar fáil duit ó dhuine nó ó dhaoine eile? Nach bhfuil sé sin dodhéanta gan sclábhaí a dhéanamh de dhaoine eile, go hairithe de do chosmhuintir féin?

    Tá dualgas agus 'dualgas' ann, nach bhfuil?

    ReplyDelete
  12. Tá cinnte.

    An rud a bhí i gceist agam ná, mar shampla, go gciallaíonn mo cheart chun beatha go bhfuil dual;gas orm meas a bheith agam ar bheatha daoine eile - agus iad a chosaint más féidir agus más gá.

    ReplyDelete
  13. Chomh fada is atá tú dá gcosaint go deonach. Bheifeása féin ag déanamh rogha sa gcás sin, a Aonghuis, cén chaoi is fearr leat do shaol féin a chaitheamh mar go bhfuil meas agat ar shaolta agus ar shaoirse dhaoine eile. : )
    Tá an ceart agat do shaol a chaitheamh mar is mian leat, mura bhfuil tú ag cur isteach ar cheartanna dhaoine eile.

    Déannann go leor leor daoine an rogha sin chun dul san arm nó a bheith ina saighdiúir mar gheall ar sin gach lá. Cruthaíonn siad nach dteastaíonn 'draft' ar bith! : )

    Níl an ceart ag duine ar bith, áfach, thú a 'draft'áil. Cé hé ná hí atá nios tabhachtaí ná duine ar bith eile atá in ann do bheatha féin a éileamh ort mar sin?

    ReplyDelete
  14. DAS Bheadh sé go deas Animal Farm a bheith agam as Gaeilge! Mar go bhfuil an Hobad agam anois! Nó Atlas Shrugged, b'fhéidir!

    Ó A Nicholais Williams!!!

    ReplyDelete