27 Meitheamh 2012

Cá bhfuil an teas?


Athrú ar an teocht sa gheimhreadh 
(Samhain - Aibreán)
ó 1980 go 2012
(cliceáil)

Murab ionann agus an mhórchuid den talamh, níor athraigh an teocht gheimhriúil ó 1980 i leith i gCalifornia agus sa Phacific Northwest. Bíonn an geimhreadh anseo i Stát Washington chomh fuar fliuch agus a bhí sé riamh. Ach deirtear linn nach bhfuil againn ach cairde, go dtosóidh an téamh anseo freisin tar éis tamaillín. 

An fhadhb is mó atá romhainn ná laghdú ar an sneachta sna sléibhte.  Faigheann muid - ó Los Angeles go Vancouver - a lán den uisce a úsáideann muid sa samhradh ó leá an tsneachta san earrach agus i dtús an tsamhraidh. Tá taiscumair againn, ar ndóigh, a lán acu. Ach ní bheadh siad sách mór gan an sneachta a bheith ann mar thaiscumar eile.

Fuair mé an léarscáil thuas ón Goddard Institute for Space Studies.

4 comments:

  1. Sin an rud. Fuacht agus fliuchras atá tuartha mar thoradh ar an téamh Domhanda in Éirinn. Ní hionann aeráid agus aimsir! (Beidh muid i sáinn cheart san tír seo má athraíonn treo Sruth na Murascaille)

    ReplyDelete
  2. @ Ach deirtear linn nach bhfuil againn ach cairde...

    An bhfuil baint ar bith ag an abairt sin thuas, a Dennis, leis na 'pet days' a bhíonn againn féin anseo in Éirinn?

    Níor chuala mé iomrá riamh ar 'pet day' go dtí an tseachtain seo, nuair a luaigh duine áitiúil liom gur 'pet day' lá na haimsire maithe, an lá idir, nó roimh, laethanta na drochaimsire.

    ReplyDelete
  3. Mo chuimhne, 'peata de lá' a thugann an Dómhnallach air, mar sin is léir go raibh laethanta mar iad riamh ann..:-)

    ReplyDelete
  4. Bíonn a leithéid againn go rialta ag an am seo bliana: báisteach - báisteach - báisteach - lá geal grianmhar - báisteach - báisteach - lá réasúnta deas eile - báisteach arís - is arís - is arís. “Junuary” seachas “June” a thugann muid ar an mí seo.

    ReplyDelete