29 Bealtaine 2012

ronnach


spéir dhroim an ronnaigh

Tá léirmheas ar an Economist ar an leabhar The Old Ways: A Journey on Foot le Robert Macfarlane. Deir an learmheastóir an méid seo faoi shúil agus stíl an údair:

The tendency is to notice that tree, that stile, that passage of light (rionnach maoim, he tells us in a typically lovely aside, is Gaelic for “the shadows cast on the moor by cumulus clouds”).

Tá sé furasta na focail “rionnach maoim” a athrú ó Ghàidhlig go Gaeilge: ronnach maidhm. Ach ní aithním iad, mar théarma, i gceachtar den dá theanga. Tá “mackerel sky*” ar eolas agam, ar ndóigh, agus chuir mé an leagan Gaeilge de thuas faoin ghrianghraf. (Chuirfinn geall gur ón mBéarla a tháinig an leagan Gaeilge, ach is cuma.) Ní faoin spéir, afách, atá Macfarlane ag caint, ach faoi na scáthanna a chaitheann na scamaill úd ar an talamh. Ní ar thalamh ar bith: ar an móinteach. Tá sé seo go hálainn mar íomhá, ar ndóigh.

Ach cá bhfuair sé an Ghàidhlig seo agus cén struchtúr gramadúil a cheanglaíonn na focail seo le chéile. Níl an téarma le fáil an idirlíon, ach amháin san abairt thuas. Chuir mé ceist faoi seo ar chara liom atá “fileanta sa Ghàidhlig”, ach bhí sé dall air freisin.

Is léir, mar sin féin, chomh mór agus a thaitníonn “seoid Ghaelach” mar seo leis an léitheoir, agus leis an léirmheastóir sa chás seo. Tá sé “so Celtic” (.i. neamhshaolta, draíochtúil, ceo(l)mhar), tá's agat.

Pé scéal é, más féidir le duine ar bith a léann an bhlagmhír seo an scéal laistiar de “rionnach maoim” a insint dúinn, beidh mé faoi chomaoin agat!

* Ar chuala sibh “oyster shell sky” riamh?  Deirtear é sin abhus anseo ó am go ham, ach is spéir eile atá i gceist.

7 comments:

  1. Is cosúil go bhfuil trí chéile ann idir “rionnach màim” agus “rionnach maoime/maidhme”. Tá an chiall “moorland, rounded hill/brae/pass” ar “mám” ceart go leor. Ach feictear dom gur focal eile é “maidhm” agus gur é “teicheadh/briseadh in éinneacht” atá i gceist - cé go mbeadh an íomha sin fóirsteanach fosta do scáthanna na scamall ag teicheadh leo thar sléibhe.
    Tá “mám” ag an LÉIA, agus barúil aige gur ón chiall “cuing” a tháinig na cialla eile, .i. sliabh cruinn, mala, bearnas. Ach roimhe sin tá “aucune étymologie sûre”.
    Níl “maidm” ag an LÉIA. An bhfuil barúil agat fá fhréamhacha an fhocail sin?

    ReplyDelete
  2. Scríbhneoirí áirithe, is cuma leo an fíor nó nach fíor é, a fhad is "so Celtic" é!

    ReplyDelete
  3. Sea, chomh Celtic le Stonehenge minic go leor.

    ReplyDelete
  4. Tá “mám” ag an LÉIA, agus barúil aige gur ón chiall “cuing” a tháinig na cialla eile, .i. sliabh cruinn, mala, bearnas.

    Cén “màm” atá i gceist in “màm sic”, an bhfuil a fhios agat?

    Maidir le “maidm”, is é an t-ainm briathartha de “maidid” (= briseann) atá ann; focal nach bhfuil in LEIA ach oiread. Ach phléigh McCone é in SnaG. Is cosúil gur tháinig “maidhm” ó maid + an íarmhír men.

    ReplyDelete
  5. Níl a fhios agam an iad na crepuscular rays a bhí i gceist ag an scríbhneoir sin, a Dennis, ach fuair mé an focal 'deilgréine' i seanfhoclóir do sunburst agus roinnim leat é, ar fhaitíos aon bhaint aige leis an scéal..:-)

    Tá ceist seolta agam chuig an Dómhnallach maidir leis an 'ronnach maidhm' sin, mar nár chuala mé féin iomrá air riamh.

    ReplyDelete
  6. @ ronnach maidhm

    Níor chuala sí iomrá air, a Dennis.

    ReplyDelete
  7. GRMA, a Áine. Ní chuireann sé sin lá iontais orm.

    ReplyDelete