16 Bealtaine 2012

ró-dhathúil le bheith ina shagart?



Seo agaibh cúpla pictiúr den Athair Thomas D. Williams, sagart Meiriceánach, diagaí morálta san Ateneo Pontificio Regina Apostolorum sa Róimh, agus ball de Congregation Legionariorum Christi (aka Legionaries of Christ). Guth (agus aghaidh) na heite deasa san Eaglais a bhí ann le fada.



De réir ailt ar an New York Times inniu, d'éirigh an fear sár-theiligineach seo as a phost tar éis dó admháil gur athair páiste é.  Níl a fhios agam an raibh sé ar fáil don pháiste mar athair riamh, ach is eisean a d'fhág an mháthair torrach. Níl aon rud nua sa scéal seo, ar ndóigh.  Is í an fhimíneacht, fimíneacht ollmhór na hEaglaise maidir le cúrsaí gnéis, a chuireann déistin orm.


An cheist atá agam oraibh ná an raibh an fear seo ró-dhathúil le bheith ina shagart san Eaglais seo?

13 comments:

  1. Cén baint atá ag dathúlacht le sárú móid a ghlac sé go saor? An bhfuil sé ró dhathúil le bheith dílis do bhean amháin (nó fear amháin má thagann sé chuige sin?) An dúil ilchumasc don dathúil?

    Fiú leis an iliomad sampla de mídhílseacht - do mháthair a leanbh agus don eaglais mar seo - ní ionann sin agus fimíneacht san *teagasc*.

    Don teagasc mo dhílseacht, ní don chléir atá daonna & peacach. Níl rud ar bith san teagasc a cheadaíonn do fhir mar seo gníomhú mar a rinne.

    Ní inniu ná inné a múnlaíodh an nath "Déan mar a deirid ach ní mar a dheinid!"

    ReplyDelete
  2. Tagaim leat, a Aonghuis,
    agus déarfainn leis:
    Cén baint atá ag fimínteacht le sárú móide a ghlac sé go saor?

    Seo croí thuairim an bhlagadóra, sílim.
    "Is í an fhimíneacht, fimíneacht ollmhór na hEaglaise maidir le cúrsaí gnéis, a chuireann déistin orm."
    Níl mé cinnte cad é baint an fhir seo le " fimíneacht ollmhór" 1 000 000 000+ ball " na hEaglaise maidir le cúrsaí gnéis."

    Ní an bhfuil sinn in éad le dathúileacht an fhir seo?


    Fearn

    ReplyDelete
  3. Ní bhaineann an rud a rinne sé liom. Ní chuireann sé sin isteach orm beag ná mór.

    Is cuma liom faoina shaol pearsanta ná faoina pheacaí pearsanta.

    Sílim gurb í an fhimínteacht is measa ón eaglais ná iad ag iarraidh á rogha féin a bheith acu i dtaobh cén sórt ruda a bheidh siad ag íoc as agus i dtaobh ceard ba cheart a dhéanamh lena maoin féin, agus iad sásta tacaíocht a thabhairt do pholaiteoirí agus do pholasaí na heite chlé a bhainneanns an ceart céana de 'chuile dhuine eile. Go hairithe mar go bhfuil baint ag Social Justice na heaglaise le mo phócaí féin.

    DAS Is deacair a chreidiúint go bhfuil tú ag leamh an NYT thar éis a méid éithigh a thug siad a chruthaigh nach bhfuil siad le trust. B'fhéidir go bhfuil mé sean-fhaiseanta, ach fós, is rud an-dairíre é an méid a rinne siad.

    ReplyDelete
  4. Don teagasc mo dhílseacht, ní don chléir

    Ní braithra a dhearbhaíonn ach gníomh.

    ReplyDelete
  5. Leis an fhírinne a rá, a Dennis, ní chuireann aon cheo a dhéanann aon eaglais iontas orm níos mó, agus níor chuir riamh.

    Glacaim leis go bhfuil lucht tacaíochta acu, cé nach dtuigim cén chaoi ar féidir le haon duine tacaíocht a thabhairt d'aon creideamh, ná club, ná ceannasaí, ná duine, nach dtugann comhdheiseanna do chách, is cuma fear, bean nó páiste iad.

    Tá muid uilig lag agus láidir, inár mbealaí féin. Sin nádúr an duine. Is léir go bhfuil cuid againn níos láidre, nó níos laige, ná a chéile.

    Cuir duine ar ardán, agus is féidir leis titim. Is cosúil go dtarlaíonn sé go rialta.

    ReplyDelete
  6. Cuir duine ar ardán, agus is féidir leis titim.

    Tá lomchlár na fírinne á rá agat ansin! Agus tug cumhacht do dhuine ar bith ar dhaoine eile agus luath nó mall déanfaidh sé dia beag dá féin.

    ReplyDelete
  7. Aguisín: is trua, sa chás seo, nach sagart aerach a bhí i mo dhuine. Ní bheadh aon bhean torrach fágtha ina dhiaidh más amhlaidh a bhí!
    ;-)

    ReplyDelete
  8. "Cuir duine ar ardán, agus is féidir leis titim"

    Is den spéisiúlacht an nath sin!
    Ardán=uabhair i nGaeilge na hAlban ( agus Gaeilge an oirthuaiscirt, nach maireann )

    Nach sliocht titime sinn uilig, más fíor na miotais? Ádhamh agud Éabha agus uile? :-)

    Fearn

    ReplyDelete
  9. 1) recte: dia beag de féin

    2) Sin miotas an-suimiúil: titim an chine dhaonna; an ré órga a bhí; an meath leanúnach ón Satya Yuga (aois na fírinne) go dtí an Kali Yuga, an aois olc ina bhfuilimid beo anois; agus mar sin de. Sea, bhí chuile rud agus chuile dhuine níos fearr sna “good old days”. Fastaím.

    ReplyDelete
    Replies
    1. Feiceann súil gruama saol gruama gan dabht!

      Bhí d'argóint beag ar loighic, agus mór ar bhatalach; ach bíodh sin mar atá. Níl cruthú ná dearbhadh ann.

      ACH, maítear nach buaine go athrú .i. go raibh an t-athrú riamh ann; ó fhás go haois, is ó aois go bás; oíche go lá go hoíche; líonadh is trá, 7rl, 7rl.

      Nílim ag maíomh go bhfuil adharca fada ar na ba i gcéin i dtólamh, ach luífeadh sé le reasún go bhfuil ar chuid acu!!

      Aidhe, na seanlaethanta go deo! Sílim fhéin go raibh lá gréineach nó dhó orthu!


      Fearn

      Delete
  10. Aguisín Dennis: is trua, sa chás seo, nach sagart aerach a bhí i mo dhuine. Ní bheadh aon bhean torrach fágtha ina dhiaidh más amhlaidh a bhí! Aidh, agus nach raibh beirt mac ag Oscar?

    ReplyDelete
  11. @ Ardán=uabhair i nGaeilge na hAlban

    Suimiúil..:-)

    ReplyDelete