07 Bealtaine 2012

Muire



Muire

Fuair mé an t-ainm seo i lámhscríbhinn gan teideal a scríobhadh sa chúigiú haois déag. Barócach an aidiacht is túisce a tháinig chugam tar éis dom é seo a dhícódú. Tá na litreacha ar fad ann, ach tá beagán mínithe ag teastáil.

m : Tá an litir seo go hálainn, ach thar a bheith neamhiondúil, scríofa mar c agus c aisiompaithe le líne ghearr á gceangal.

ur : Is é an litir u an líne chorrach os cionn an m.  Nuair a scríobhtar guta os cionn litreach eile, ciallaíonn sé sin go bhfuil r ann freisin, ur sa chás seo.

i : Té beagán fann anois, ach tá i le feiceáil faoin m.  Is ionann an carn litreacha seo agus muir.

e : Tá an litir seo so-aitheanta, agus san áit cheart.

3 comments:

  1. Cuma ealaíon na nArabach air, beagnach.

    ReplyDelete
  2. An-choitianta sa Gréigis an seift seo. An-suimiúil ! GRMA.

    ReplyDelete