15 Bealtaine 2012

Is éisc oibre iad seo!



Seo mála plaisteach a bhfuil éisc órga ann, dosaen acu a cheannaigh mé inniu. Tá obair le déanamh acu anseo (murab ionann agus na cait).  


Seo iad ar snámh sa mhála atá ar snámh sa linn sa chós tosaigh. Tá radharc den chlós seo i mblagmhír eile, leis an linn sa chúlra. Ní mór do na héisc dul i dtaithí ar fhuaire an uisce ina home nua de réir a chéile.



Seo iad arís. Chomh luath agus a scaoilfidh mé iad beidh siad ar a gconlán féin sa domhan nua seo.  An jab atá rompu?  Larbhaí na muiscítí atá ag fás san uisce a ithe!  Bhí an aimsir an-te anseo le déanaí agus chuala mé an chéad mhuiscít sa teach aréir. Tharraing solas mo iPad é agus rinne mé pleist de ar an scáileán le hordóg luath! Ach thug mé aird ar an rabhadh seo agus fuair mé an scuadrún úr seo ar maidin.  Tá iasc nó dhó fágtha sa linn fós ón mbliain seo caite, ach is gnách leis na racúin an chuid is mó acu a ithe san fhómhar.

7 comments:

  1. Cogaíocht bitheolaíochta! Gó n-éirí leo. Na corr éisc a bheadh mar baol ar na héisc abhus, dream atá éirithe thar a bheith líonmhar le mo linn féin.

    ReplyDelete
  2. Nach bhfuil siad gleoite!

    Bhí cupla tank agam ar feadh píosa cupla bliain ó shin, ach bhí na héisc i gconaí ag fáil bás orm. Ach go hairithe na h-éisc órga.

    Mar sin, cheannaigh mé éisc digiteacha ina n-áit nach bhfuil mé in ann iad a mharbh. Adhmhaím nach bhfuil siad in ann feithidí a ithe, ach níl éisc lena mbolg suas ro-úsáideach ach 'oiread. : )

    Ní theastaíonn uaim anois ach raithneach dhigiteach. : )

    ReplyDelete
  3. Na corr éisc a bheadh mar baol ar na héisc abhus

    Abhus anseo freisin, ach níl siad sásta tuirlingt sa chlós tosaigh. Tá cúpla crann ann os cionn an chlóis agus tá an spás ró-chúng dóibh. Bhí dhá linn mhóra (nach bhfuil ann níos mó) ar chúl an tí agus d'imir na corra a gcuid creachadóireachta ansin chuile bhliain!

    ReplyDelete
  4. An rud is fearr maidir leis na héisc seo, April, ná nach bhfuil aon aire ag teastáil uathu. Tá an linn sách mór dóibh agus itheann siad a bhfuil ann, agus sin sin.

    ReplyDelete
  5. Ní mór duit líon a chur trasna na linne chun dúshlán a thabhairt do na racúin.

    ReplyDelete
  6. An-suimiúil. Agus, ar ndóigh, réiteach glan sláintiúil ar fhadhb na muiscítí. Go n-éirí go geal leo lena linn nua.

    ReplyDelete
  7. Ní mór duit líon a chur trasna na linne chun dúshlán a thabhairt do na racúin.

    Ní fiú é. (a) Titeann an iomarca duilleoga. Bheadh an líon dubh leo. (b) Réabfadh na racúin líon ar bith nach raibh déanta as cruach. (c) Níl ach 20¢ ar iasc órga.

    ReplyDelete