26 Aibreán 2012

mo chuid cairde agus na rudaí nach n-itheann siad




“Níl a fhios agam céard is glútan ann ach oiread, ach tá sé á sheachaint agam mar sin féin, ar eagla na heagla.”




Nuair a chonaic mé GF in aice le cuid de na hiontrálacha ar bhiachlár (ní an ceann thuas) thall in Hawai‘i ar na mallaibh, bhí orm ceist a chur ar an bhfreastalaí “Céard is ciall leis sin?”  


Tá a fhios agam céard is galar céiliach ann. Tá aithne agam ar fhear a bhfuil sé air dáiríre.  Tháinig athrú mór air nuair a d'éirigh sé as cruithneacht tar éis dó an diagnóis sin a fháil.  Ach tá cairde eile agam atá ag rá anois, go tobann, go mothaíonn siad “níos fearr” nuair nach n-itheann siad arán nó pasta nó aon rud a bhfuil cruithneacht ann. Hmmm.

5 comments:

  1. Bhuel is neach casta an duine.

    Éifeacht placebo, shamhlóinn.

    ReplyDelete
  2. Is mó faisean ná réasún a bhíonn i nósanna itheacháin daoine.

    ReplyDelete
  3. Is measc mo chuid cairde tá lánúin amháin nach n-itheann bainne ná uibheacha. Tá lánúin eile atá ina bhfeoilséantóirí ach itheann siad iasc. Ní féidir le duine acu fíon dearg a ól. Tá beirt nach n-itheann glútan anois. Tá fear eile nach féidir leis sliogiasc a ithe. Bean nach féidir léi cnónna a ithe. Ní mór dom léaráid Venn a tharraingt roimh an mbiachlár a chur le chéile do mhórdhinnéar!

    ReplyDelete
  4. Tá. Agus beidh “spota milis” i gceartlár na léaráide agus na focail “rís dhon agus tofú” scríofa air!

    ReplyDelete