16 Aibreán 2012

K = cath


Mar is eol do mhadraí a bhaile, ní bhaintear úsáid as an litir k sa Ghaeilge. Tá gabháltais bheaga ag j, x, y, z in FGB (Ó Dónaill), ach níl k le fáil ann ar chor ar bith. Bíodh sin mar atá, bhí jab ag an litir seo sna lámhscríbhinní. Tá comhfreagairt aon le haon (one to one correspondence) idir an litir k agus an focal “cath” san seanleabhair. Uaireanta faightear an litir léi féin, ach is minic a fhaightear í le ponc ar gach taobh. Seo sampla ó Thionscadal na Nod:


Agus seo sampla eile ón lámhscríbhinn D iv 2, ar leathanach 87 r :

isin cath sin

Is beag focal eile sna LSS a bhfuil siombail dá chuid féin aige. Tá ⁊ nó 7 ann a sheasann do “agus”, agus .i. a sheasann do “eadhon” nó “i.e.”, agus siombail eile a sheasann do “nó”. Cén fáth a bhfuil stádas speisialta ag an ainmfhocal “cath”? Cén fáth ar féidir é a scríobh le haon litir amháin, nuair nach féidir “arán” nó “croí” nó “bás” nó “Dia” a scríobh mar sin?

Is cosúil go bhfuil freagra cultúrtha leis sin. Tá na hannáil agus na ságaí (an Táin agus mar sin de), an Fhiannaíocht agus an Dinnseanchas lomlán le cathanna!

5 comments:

  1. Céard faoi 'vitimín k'? Agus roinnt téarmaí leighis/eolaiochta eile. K-anna, táid ann ach táid 'speisialta'!

    ReplyDelete
  2. Is fíor duit. Níl cead againn neamart iomlán a dhéanamh i gK. Níor luaigh mé Q thuas, ach tá sé in FGB freisin.

    ReplyDelete
  3. Aguisín: is mar /ka/ a d'fhuaimnigh Laitineoirí agus eile an litir “k” ag an am sin.

    ReplyDelete