17 Aibreán 2012

iarlais



An sainmhíniú atá in An Foclóir Beag:
  1. páiste a fhágtar nó a thógtar (sna scéalta sí)
  2. breoiteachán
  3. duine nó rud gan mhaith
Nuair nach raibh mé in ann leagan ar bith den fhocal seo a fháil in eDIL, ná iontráil ar bith a bhfuil an focal “changeling” inti, chuir mé an cheist iondúil orm féin: “Cá has don fhocal seo?”

Is cosúil gur leagan malartach é den fhocal “éarlais”, a chiallaíonn (de réir AFB) “suim airgid a chuirtear síos ar rud i ngeall ar é a cheannach amach ina dhiaidh sin”. Más fíor an méid sin, tá stair fhada chasta taobh thiar den changeling seo!

De réir Macbain, is ó “arles / erles” na hAlbainise (.i. Scots) a tháinig “eàrlais” na Gàidhlige. Is cosúil gur tháinig an focal seo ón bhfocal Sean-Fhraincise “erres”, an t-iolra de “erre” (= geall), a tháinig ó “arra” na Laidine, a tháinig ó “αρραβών” na Gréigise, a tháinig ó “ ערבון” na hEabhraise! Tháinig an focal Béarla “earnest (money)” ón bhfoinse chéanna.

Más fíor don cheangal idir “éarlais = earnest money” agus “iarlais = changeling”, an saghas down payment a bhí san iarlais in intinn na ndaoine a chum na síscéalta??

11 comments:

  1. Is cosúil go bhfuil giall agus geall i ngaol.

    ReplyDelete
  2. I nGaeilge na hAlban (agus sa Ghaeilge Mhanainneach, tchím: eearlys), tá “éarlais” in úsáid fá choinne voucher, book-token agus a leithéad. Níl an rud féin agat atá tú ag iarraidh; níl agat agat ach samhail agus dóchas/gealltanas ina theannta.

    ReplyDelete
  3. Níl ann, mar sin, ach “the token of a child”. Tá ciall leis sin.

    ReplyDelete
  4. Giall asail nó giall cinniúna?

    ReplyDelete
  5. A leithéid de shanasaíocht. Ní mór dúinn fáil réidh leis na focail iasachta damanta úd.

    Cad as an pictiúr scanrúil?

    ReplyDelete
  6. Cad as an pictiúr scanrúil?

    Fuair mé ar an idirlíon é, ar bhlag eile, gan ainm ná údar ceangailte leis. Déarfainn gur dócha gur as leabhar síscéalta a tháinig sé. Tá sé go hiontach, nach bhfuil?

    ReplyDelete
  7. giall = duine a choinnítear i mbraighdeanas go dtí go gcomhlíontar geallta áirithe

    ReplyDelete
  8. Má tá focal echt-Ghaelach uait, tá “síofra” againn freisin. Ach is fearr liom “iarlais”!
    :-)

    ReplyDelete
  9. Suimiúil, mar is iondúil..:-)

    ReplyDelete
  10. Focail do changeling ó na seanfhoclóirí:

    malartán
    cosamhlacht
    leanbh malartánach
    siobhra
    scáile
    fagálach
    iairlis,
    corpán sidhe

    ReplyDelete