20 Aibreán 2012

An Hobad arís


Scríobh mé faoi dháta foilsithe an leabhair thiar i Mí Eanáir. Is cosúil go bhfuil sé i gcló anois faoi dheireadh thiar thall.


Tháinig an grianghraf seo ón mblag Evertype. Ní deirtear ansin cé chomh luath agus a bheas sé sna siopaí ná cé mhéad a bheas air. Chuala mé go bhfuil na cóipeanna ag teacht ó chlódóir i dTennessee. An bhfuil níos mó eolais ag éinne?

12 comments:

  1. Níl, ach tá mé ag súil go mbeidh an leabhar seo sna siopaí go luath!

    An Hobad! **Squee** Tá mé ag tnúth leis le fada!

    ReplyDelete
  2. Mo leithscéal..tá súil agam go mbeidh an leabhar sna siopaí go luath. : )

    Bhí díoma orm nuair nach raibh sé foilsithe cupla bliain ó shin mar go raibh mé ag súil go mór leis. Botún Freudian ab ea é, b'fhéidir.

    Ach fós..**squee**

    ReplyDelete
  3. 27 Aibreáin dar le Litríocht - ach sách daor €39.95

    http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?products_id=6699

    ReplyDelete
  4. Tá sé an-chostasach, cinnte...$49.95 ar an leabhar ar Amazon. Ordóidh mé cóip crua Dé Luain mura mbionn leagan Kindle ar fáil roimhe sin. Agus ní dóigh liom go mbeidh.

    An bhfuil a fhios ag éinne an bhfoilseoidh siad leagan Kindle den leabhar nó nach bhfoilseoidh?

    ReplyDelete
  5. Níor cheannaigh mé riamh ach leabhar Kindle amháin i nGaeilge, an t-úrscéal Aiséirí le Alex Hijmans. Ní raibh ach $9.60 air! Ach ordóidh mé an chóip chrua an turas seo. Níor léigh mé The Hobbit i mBéarla riamh, agus is mithid dom leagan den leabhar clasaiceach seo a léamh faoi dheireadh.

    Dála an scéil, nuair a “cheartaigh” tú an nóta thuas, séard a dúirt mé liom féin ar dtús ná “ach níor athraigh sí tada.” Ansin thug mé faoi deara gur chuir tú “tá súil agam go mbeidh” in áit “tá mé ag súil go mbeidh”. Ach is ionann iad, i mo chuid Gaeilge ar aon nós. Agus tá do chuid Gaeilge go hálainn! An Meiriceánach thú?

    ReplyDelete
  6. Go raibh maith agat, a Dhennis. Agus is ea... Is Méiriceánach me. : )

    Níl aon rud cosúil le leabhar analog nuair atá tú ag iarraidh oíche dheas chiúin a chaitheamh ar an tolg le cupán deas tae, an bhfuil? Ach is maith liom na leabhar Kindle chomh maith. Cheannaigh mé cupla ceann acu as Gaeilge. Tá mé ag léamh Buille Marfach faoi láthair.

    Maidir leis an Hobad..léigh mé é nuair a bhí mé i mo chailín óg. Bhain mé an-taithneamh as na Lord of the Rings nuair a bhí mé 9 mbliana d'aois. Anois, agus mé i mo bhean fhásta, tá gach ceann de na scannáin agam chomh maith.

    DAS Sílim go bhfuil do bhlog an-suimiúil. Foghlaimím rud éigean nua gach uair a léim é. Agus léim go minic é cé go bhfuil mé i mo thost.

    ReplyDelete
  7. Tá áthas orm nár fhan tú i do thost an turas seo.
    :-)

    ReplyDelete
  8. Sásta go mbeidh sé liom go luath. Do réamhordaigh mé cóip tar éis do shean-mhír a léamh. Is breá liom an clúdach.

    ReplyDelete
  9. Más buan mo chuimhne, sin an léaráid a bhí ar an mbunleagan.

    ReplyDelete
  10. Tá sé agam!!! Tháinig sé sa phost inné. Caighdeán ard clódóireachta air - is maith liom an dearadh Gaeilge a déanadh ar an léarscáil mar shampla. Agus go dti seo (leathanach 3!) tá aistriúchán deas soiléir déanta ar an mbunleagan gan tionchar mór canúna air (i mo thuairimse) - rud a chuir isteach orm i gcás Harry Potter mar shampla.

    ReplyDelete
  11. Caighdeán ard clódóireachta air

    Chuala mé an méid chéanna ó chara liom i Má Nuad a fuair a chóip den leabhar cúpla lá ó shin. Deir sé gur fiú an t-airgead é. Agus deir Amazon liom go mbeidh mo chóip féin agam i gceann cúpla lá eile.

    ReplyDelete
  12. Ní léim Hobbit ná Harry, mar sin ní bheidh an leabhar seo ar mo charnán féin..:-)

    Bainigí sult as!

    ReplyDelete