21 Aibreán 2012

drunks



Tá cúpla focal againn ar an duine a ólann an iomarca go rialta: meisceoir, druncaeir, pótaire. Ach céard faoi na focail a chuireann síos ar an dóigh a bhfuil duine ar meisce?  Tá mé ag smaoineamh ar na cora cainte seo a leanas i mBéarla agus i bhFraincis:


He's a happy drunk.
Il a l'alcool joyeux.


He's a mean drunk.
Il a l'alcool mauvais.


He's a sad drunk.
Il a l'alcool triste.


Is féidir "bíonn droch-/dea-aoibh air nuair a bhíonn sé ar meisce” agus a leithéid a rá, cinnte, ach an bhfuil  dóigheanna níos fearr nó níos gonta ann len é sin a rá i nGaeilge?

9 comments:

  1. Ceist mhaith. Táim cinnte go bhfuil, ach níl siad agam!

    ReplyDelete
  2. Fuair mé é seo in DIL:

    medar-mesce = the hilarious stage of intoxication

    Ní hionann é seo agus “a happy drunk”, áfach.

    ReplyDelete
  3. He's a mean drunk - Is drabhlásaí dochrach é/í, b'fhéidir?

    ReplyDelete
  4. medar-mesce = the hilarious stage of intoxication

    Meisceoir meidhreach , seans?

    ReplyDelete
  5. Hmmm. Is meisceoir meidhreach / mioscaiseach / maoithneach é / í.

    Is maith liom é sin. Bhur mbarúil?

    ReplyDelete
  6. Ceist curtha agam chuig an Dómhnallach, agus tiocfaidh mé ar ais chugat, má fhaighim freagra duit.

    Giota ó Róislín ar an ábhar anseo.

    ReplyDelete
  7. 'Slogaire' an focal a thug sí dom, a Dennis, mar sin seans gur 'slogaire sásta/gránna/gruama' a bheadh sa 'happy/mean/sad drunk', dar léi.

    Is maith 'slogaire' mar fhocal feiliúnach sa chás seo, caithfidh mé a rá..:-)

    ReplyDelete
  8. Tá diúgaire ann freisin, más buan mo chuimhne. Ach samhlaím nós fad bhunaithe leis an dá lipéid sin.

    ReplyDelete