08 Aibreán 2012

נֵר שֶׁל יוֹם טוֹב



Cé nach Giúdach mé, ná Críostaí ná aon rud eile, bím páirteach chuile bhliain i seder tigh mo chairde Jane agus Neal. Bíonn níos mó ná fiche duine ann i gcónaí. Bíonn beagán anoird ann i gcónaí freisin, agus a lán gáire. Bhí Jane ar tí coinnle na féile a lasadh aréir nuair a dúirt sí linn, “Nach ait é seo? Bosca cipíní gan áit ar bith air len iad a lasadh. ..... Ó ..... Is bioranna fiacla iad seo.”

נֵר שֶׁל יוֹם טוֹב = coinneal na féile

8 comments:

  1. D'fhreastal muid ar seder Dé hAoine freisin agus d'úsáid mé an pláta seder a rinne mé le gach focal air I nGaeilge.

    ReplyDelete
  2. An bhliain seo chugainn i ... ?

    ReplyDelete
  3. Florida, “tír ár n-aithreacha”.

    ReplyDelete
  4. Tír a ndídean nó an tír ónár tháinig siad?

    ReplyDelete
  5. le gach focal air i nGaeilge

    Cén Ghaeilge a chuir tú ar charoset, maror, agus mar sin de?

    ReplyDelete
  6. Agus mé ag caint faoi charoset agus maror, caithfidh mé a rá go mbainim an-taitneamh as an gceapaire Hillel i gcónaí -- b'fhéidir toisc go bhfuil ocras orm tar éis na cainte uilig! Ach is fíor-mhaith liom an meascán de raidis fhiáin agus úll ar an arán matzo, gach greim de atá milis is géar is briosc ag an am céanna.

    ReplyDelete
  7. @ Is bioranna fiacla iad seo.”

    ..:-)

    ReplyDelete