31 Eanáir 2012

tásc



Fuair mé teachtaireacht ó chara liom inniu.
Maraíodh a mac in Afghanistan ar maidin.
“Ní thuigeann muid cá ndeachaigh sé.”
Sin poll sa chroí nach líonfar go deo.
Tá muid uilig faoi bhrón.

síneadh fada?


Uaireanta ní síneadh fada síneadh fada, sna lámhscríbhinní Gaeilge ar aon nós. Mar shampla:

do innis an scél

Cén fáth? Ní hansa.

Séard atá sna litreacha i, n, agus m ná línte gairide, nó minimí. Tá ceann amháin in i, dhá cheann in n agus trí cheann in m. Nuair a thagann na litreacha seo ar lorg a chéile bíonn sé deacair iad a aithint thar a chéile uaireanta. Thosaigh scríobhaithe na Meánaoise ag cur ponc os cionn an i dá bhrí sin, leis an litir bheag sin a idirdhealú ó na minimí sa dá litir eile.

Níor ghlac na Gaeil leis an nós seo, áfach. Níor chuir siad ponc os cionn a gcuid i-anna riamh. Tá an i neamhbhuailte le fáil fós inniu, fiú sa chló Rómhánach:


Caith súil arís ar an abairt lámhscríofa thuas. Tá síneadh fada os cionn an dá i in “innis”, cé nach bhfuil ceachtar acu fada. Tá na comharthaí seo ann leis an dá i a scaradh ón litir n atá suite eatarthu, sin an méid. Bheadh an focal an-deacair a aithint gan iad. Tá comhartha eile ann, dála an scéil: stríoc ghiorrúcháin os cionn an n le cur in iúl gur nn atá ann.

30 Eanáir 2012

Irish Language Hunt



Chuir Wade, cara liom i gCalifornia, an suíomh nua seo, Irish Language Hunt, ar mo shúile dom inniu. Tá an pictiúr seo as ceann den dá fhíseán (an-ghairid: 2:40 agus 1:50) atá ar an suíomh. Múineadh na Gaeilge an cuspóir. Is cosúil go bhfuil cur chuige réasúnta éifeachtach acu.

Brían Ó hAirt an múinteoir atá acu. Is Meiriceánach é, amhrání cumasach agus ball den bhanna ceoil Bua. Is léir gur múinteoir spreagúil atá ann. Ach... dúirt sé rud amháin ag tús an chéad fhíseáin a chuir imní orm: “Níl sé tae, sin uisce donn!” Tá Gaeilge mar sin ró-relaxáilte domsa. Tá súil agam nach raibh ann ach sciorradh focail agus é faoi bhrú.

Ganesh arís



Bhí Ganesh mar aoi ar an mblag seo cheana féin, anseo is anseo is anseo. Tháinig an íomhá seo den dia is ansa liom ó Beco do Batman, caolsráid i São Paulo. Is cosúil gur dia na n-ealaíontóirí graifítí atá ann freisin.

28 Eanáir 2012

cor úr san aibítir ón mBrasaíl



Mesmo corroído
pela corrupção
irrompe
a cor da flor
e o não

dán le Régis Bonvicino
peannaireacht “pichação” le Nunca

Creimthe mar atá sé
ag caimiléireacht
bladhmann
dath an bhlátha
is an t-eiteach

púic uirthi



Cén fáth ar chuir sí púic uirthi féin?

27 Eanáir 2012

An Triúr Manach: An Greannán



Triúr manach a thug diúltú don saol.

Téann siad ins an fhásach chun aithrí a dhéanamh ina gcuid peacaí roimh Dhia.

Bhí siad gan labhairt lena chéile go ceann bliana.

Ansin dúirt fear díobh le fear eile bliain amháin ina dhiaidh sin, “Táimid go maith,” ar seisean.

Mar sin go ceann bliana.

“Is maith go deimhin,” arsa an dara fear.


Bhí siad ann ina dhiaidh sin go ceann bliana.

“Dar m’aibíd,” arsa an treas fear, “mura ligeann sibh ciúnas dom fágfaidh mé an fásach uile daoibh!”


Theresa Illés, an t-ealaíontóir a mhaisigh Inna Téoir Mucca Beca, a rinne na pictiúir seo. Tá Gaeilge líofa aici, dála an scéil!

26 Eanáir 2012

nod álainn



Ní dóigh liom gur thug mé an nod seo daoibh roimhe seo. Céard a chiallaíonn sé?

25 Eanáir 2012

bascaeid bhídeacha



Fuair mé na bascaeid seo i dtarraiceán an lá cheana. “Is mór an peaca é iad a bheith ceilte orainn mar seo,” a dúirt mé liom féin. Chuir mé ar an mbord cois leapa iad go sealadach. Nuair a tháinig mé ar ais níos déanaí leis an ngrianghraf seo a thógáil, bhí ceann acu ar iarraidh. Fuair mé faoin leaba é. Chuimnigh mé ansin ar an bhfáth a raibh siad curtha i dtaisce mar sin! Níl a fhios agam cé acu Mike nó Molly a bhí ag imirt leis, ach ní dhearna sé/sí aon damáiste ... an turas seo.

Thug cara linn an bascaeidín sa lár dúinn na blianta ó shin. Cheannaigh sé in Arizona é. Is bean Tohono O'odham a rinne é. Cheannaigh mise an dá cheann eile. Rinne Vicki Charles-Trudeau (Lower Elwha S’Klallam) an ceann ar chlé, as coirt chéadrais rua is dócha. Rinne Eva Salazar (Kumeyaay) an ceann ar dheis. Níl iontu seo ach rudaí beaga ealaíonta, ach bhíodh bascaeid mar seo - ach i bhfad bhfad níos mó - in úsáid laethúil fadó le bia a chnuasach, a stóráil, agus a chócaráil.

23 Eanáir 2012

dhá leagan den amhrán céanna


Seo agaibh íomhá den chéad leagan: traidisiúnta, preabach, páistiúil:


Seo agaibh íomhá den amhrán céanna ó amhránaí caolchúiseach agus a chuid ceoltóirí, daoine atá in ann anam is áille a aimsiú sa tsimplíocht:


An t-amhrán atá i gceist agam ná “Tá Dhá Ghabhairín Buí Agam”. Is féidir éisteacht le sampla den leagan páistiúil anseo. Agus is féidir éisteacht leis an éacht a rinne Iarla Ó Lionáird anseo.

21 Eanáir 2012

arán aonmhéire


Is maith liom arán atá simplí agus beagán garbh. Déanaim an bollóigín seo, saghas arán leathan, go minic ag am tae. Ní thógann sé orm ach dhá nóiméad dhéag.

Cuirim cáiscín, púdar bácála, salann, beagán uachtair, agus síolta chia i mbabhla. Is maith liom blas na síolta agus maítear go bhfuil siad thar a bheith sláintiúil.


Cuirim uisce ann agus meascaim na comhábhair le mo chorrmhéar go dtí go mbíonn taos agam.


Fliuchaim mo lámha agus déanaim cáca garbh as.


Isteach sa phota leis, agus cuirim an clár air. Bhí an pota ar an tine roimh ré agus tá sé measartha te anois. Ligim don taos bácáil go ceann cúig nóiméad, iompaím é, agus ligim dó fanacht ar an tine cúig nóiméad eile.


Et voilà! Arán blasta atá donn ar an dá thaobh agus bog sa lár, déanta i níos lú ná cúig nóiméad déag!

20 Eanáir 2012

An Hobad!




Scríobh mé faoin scannán nua ar an mallaibh, agus faoin aistriúchán Gaeilge den leabhar. Fuair mé dea-scéal tráthnóna inniu ón bhfoilsitheoir:

Dea-scéala! Foilseofar aistriúchán Gaeilge Nicholas Williams den leabhar "An Hobad" ar deireadh thiar ar an 25 Márta 2012. Beidh clúdach crua air, arna chló maille le léaráidí daite agus léarscáileanna. Más mian leat réamhordú a chur isteach, cuirtear ríomhphost chugam agus beidh mé i dteagmháil leat maidir leis na sonraí cuí.

19 Eanáir 2012

An gliúcaí É?



Shíl mé ar dtús gur Íosa Protastúnach atá ar an gclár fógraí seo i New Mexico, ach bhí dul amú orm. Séipéil Chaitliceacha de chuid Chontae San Juan a chuir suas é, in aice le físeánlann do dhaoine fásta.

Cá bhfuil an bhithmhais?


Cliceáil le méadú.

Ar dtús, ba cheart dom a mhíniú gurb ionann “bithmhais” agus “biomass” de réir focal.ie. Nó i bhfocail eile, cá bhfuil na crainn? Nuair a thugtar bithmhais ar chrainn, is minic a bhíonn an bhéim ar charbón, ar asú carbóin, agus ar cheapadh carbóin.

Caith súil anois ar an gcúinne uachtarach ar thaobh na láimhe clé den léarscáil. Stát Washington é sin, mar a bhfuil an glas an-dorcha. Ciallaíonn sé sin go bhfuil neart bithmhaise againn. The Evergreen State a baisteadh air i bhfad ó shin. Cén fáth an bhfuil muid chomh glas? Toisc go bhfaigheann muid a lán báistí agus sneachta, agus toisc go bhfásann na foraoisí ard agus dlúth.

Ní “evergreen” ach "emerald" nó “iathghlas” an aidiacht a churtar ar Éirinn, tír fhliuch eile. Cá bhfuil an chuid is mó den bhithmhais in Éirinn? San fhéar? Sna crainn? Nó sna portaigh mhóna? An bhfuil bithmhais na hÉireann ag fás nó ag cúlú?

18 Eanáir 2012

scliúchas


grianghraf eile tógtha leis an iPad

Ní caoimhe agus suaimhneas a bhíonn i réim i gcónaí idir an dá chat. Comhrac atá leath bealaigh idir shúgradh agus dáiríre a bhíonn ar siúl acu go minic. Is Michael a fhágtar le scríob ar a shrón bhándearg uaireanta. Ní bhíonn rian den scliúchas ar Mholly riamh.

16 Eanáir 2012

déithe beaga an teaghlaigh


Molly agus Búda Seapánach sa chúlra

grianghraf tógtha leis an iPad

15 Eanáir 2012

sneachta


Dúirt mé anseo Dé hAoine:

Tá sé ag bagairt sneachta an deireadh seachtaine seo.”

Fíoraíodh an réamhaisnéis. Seo agaibh an fhianaise:


dia-quiz



Cé hé an dia Ceilteach/Éireannach seo?
Agus cé a phéinteáil an pictiúr?

14 Eanáir 2012

sliocht Mhichael Flatley?



Téigh go YouTube leis an scáileán iomlán a fheiceáil.

ceannlíne nár thuig mé


Uaireanta bíonn fadhb agam le ceannlínte sna nuachtáin Bhéarla, an Guardian go háirithe. Go dtí go léim an scéal, ní bhíonn a fhios agam céard is brí leis an ceannlíne.

Tar éis dom “Tá cealú toilteanach an díchreidimh faoi bhagairt mhór” a léamh ar an Irish Times cúpla lá ó shin, bhuel, léigh mé arís é. Rinne mé mo mhachnacmh air. Mearbhall fós orm. Níor thuig mé é go dtí gur léigh mé an abairt seo san alt (le Mícheál Ó Ruairc, dála an scéil):

Táim ag tagairt don fheiniméan ar a nglaotar “willing suspension of disbelief”.

Ahá! Ach déanta na fírinne, níl a fhios agam fós an mbeadh de mhisneach ionam “cealú toilteanach an díchreidimh” a chur in abairt gan leid a thabhairt don léitheoir roimh ré.

Dá mbeadh Alba saor...



1. … an mbeadh sí ina poblacht, nó an mbeadh sí in ainm a bheith faoi smacht na Windsors fós?

2. … an mbeadh an euro nó an punt aice mar airgeadra?

3. … an mbeadh an aimsir níos fearr ansin?

13 Eanáir 2012

dul faoi na gréine


Cliceáil le méadú - is fiú é!

Ní chuile thráthnóna a bhíonn sé mar seo! Tá sé ag bagairt sneachta an deireadh seachtaine seo.

tatú


WTF?


Barúil ag éinne céard ba mhaith léi a rá?

11 Eanáir 2012

díthreabhaigh eile



Seo triúr díthreabhach ón 3ú haois AD ó Gandhara.


Seo iad na focail “triúr díthreabhach” i Sanscrait agus i dTibéidis. Cén script is fearr leat?

10 Eanáir 2012

triúr díthreabhach


tri dithrebaid
triúr díthreabhach

Tosaíonn an seann-scéilín grinn a bhfuil mé ag imirt leis fós leis na focail seo:

Tríar manach do·rat díultad dont ṡaegul.
Triúr manach a thug diúltú don saol.

Manaigh is ea iad ag tús an scéilín, ach is díthreabhaigh iad leath bealaigh tríd an dara habairt:

Tíagait i fásach…
Téann siad in fhásach…

Focal ársa is ea “díthreabhach”. Tagann sé ón aimnfhocal “díthreabh” a chiallaíonn “fásach, áit gan aon duine ann”. Tosaíonn sé leis an rémhír “dí-” a chiallaíonn “gan”. An sainmhíniú a thug Sanas Cormaic dúinn ± 1,000 bliain ó shin ná:

432. dithreb .i. beith cen treib n-ann nó cen trebadh

432. díthreabh .i. bheith gan treibh ann nó gan treabhadh

Maidir le "treb / treibh / treabh", tá an focal seo le fáil i mBreatnais freisin mar “tref / tre” leis an gciall “baile”, agus is cosúil go bhfuil sé gaolmhar le “Dorf” na Gearmáinise.

Dar le Trecheng Breth Féne (nó Tréanna na hÉireann), bhíodh trí dhíthreabh mór le rá in Éirinn sa sean-am:

43. Trí díthruib Hérenn: Fid Mór hi Cúailgni, Fid Déicsen hi Tuirtri, Fid Moithre hi Connachtaib.

Nod libh: ní bhíodh an focal “triúr”, a tháinig ó “trí fhear”, ná ceathrar, cúigear, 7c. le fáil i Sean-Ghaeilge Mhóch. Tháinig siad i réim de réir a chéile agus bhí “trí” agus “triúr” in úsáid le chéile ar feadh i bhfad.

09 Eanáir 2012

focal nua a d'fhoghlaim mé


Cad is ciall le hasbarist? Léigh mé an focal seo den chéad uair riamh an lá cheana, i gcéad abairt an ailt seo. Fuair mé míniú air anseo ó Wiki, faoin teideal Public Diplomacy (Israel). Séard atá ann ná an focal Eabhraise hasbara móide an iarmhír Bhéarla -ist.


Maidir leis an bhfocal hasbara, is cosúil gur ainmfhocal atá ann a chiallaíonn “míniú”. Dúirt an taidhleoir Iosraelach Gideon Meir nach bhfuil focal ar chomhbhrí leis i dteanga ar bith eile. Is eisean a d'aistrigh é mar “public diplomacy”. Tá daoine eile ann a chuirfeadh bolscaireacht air, nó “propaganda”, nó “spin”. Is dócha gur cuid den hasbara féin gan é aistriú mar sin.

08 Eanáir 2012

bia dubh



Feiliúnach do dhaoine Goth freisin.
(An iad fiacla atá sa Jedi Burger?)

07 Eanáir 2012

Is breá liom búz!


бууз

Mí ó shin fuair mé bialann bheag in Lake City, bruachbhaile de chuid Sheattle. Joy Teriyaki an t-ainm atá air. Ach ós Mongólach an t-úinéir, tá biachlár Mongólach acu chomh maith leis an teriyaki. Is léir ón mbiachlár sin go n-itheann na Mongólaigh a lán mairtfheola! An mias is ansa liom acu ná búz, saghas domplagán galaithe atá líonta le feoil mhinithe in éindí le beagáinín oinniúin is cabáiste. Itear iad le hanlann tanaí déanta as anlann soighe, fínéagr ríse, agus piobar dearg.

Ar an dea-uair domsa, is féidir liom iad a cheannach uathu i bhfoirm reoite ar phraghs an-réasúnta. Isteach sa chiseán galaithe (ceann déanta as bambú agam) leo agus fiche nóiméad níos déanaí tá siad réidh le hithe, te agus blasta! Is nós liom anois iad a úsáid mar chúrsa tosaigh nuair a bhíonn cairde chun dinnéir againn. Is breá leo iad!

Dála an scéil, má tá cur amach agat ar bhia Tibéadach, is ionann búz agus mómó.