Fuair mé na bascaeid seo i dtarraiceán an lá cheana. “Is mór an peaca é iad a bheith ceilte orainn mar seo,” a dúirt mé liom féin. Chuir mé ar an mbord cois leapa iad go sealadach. Nuair a tháinig mé ar ais níos déanaí leis an ngrianghraf seo a thógáil, bhí ceann acu ar iarraidh. Fuair mé faoin leaba é. Chuimnigh mé ansin ar an bhfáth a raibh siad curtha i dtaisce mar sin! Níl a fhios agam cé acu Mike nó Molly a bhí ag imirt leis, ach ní dhearna sé/sí aon damáiste ... an turas seo.
Thug cara linn an bascaeidín sa lár dúinn na blianta ó shin. Cheannaigh sé in Arizona é. Is bean Tohono O'odham a rinne é. Cheannaigh mise an dá cheann eile. Rinne Vicki Charles-Trudeau (Lower Elwha S’Klallam) an ceann ar chlé, as coirt chéadrais rua is dócha. Rinne Eva Salazar (Kumeyaay) an ceann ar dheis. Níl iontu seo ach rudaí beaga ealaíonta, ach bhíodh bascaeid mar seo - ach i bhfad bhfad níos mó - in úsáid laethúil fadó le bia a chnuasach, a stóráil, agus a chócaráil.
Chuamar go Tucson beagnach fiche bliana ó shin agus cheannaigh bascaed beag ó na Tohono O'odham, déanta de shreang telefón.
ReplyDeleteRinne na fir bascaeid ó shreanga a bhfuair siad ar an talamh sa bhfásach. Caithfidh a bheith neart mór ag do lámha chun bascaeid mar sin a dhéanamh. Tá ár mbascaed dubh is gorm.
sreanga a fuair siad ar an talamh sa bhfásach
ReplyDeleteFaightear a lán rudaí ar an talamh san fhásach: buidéil, cnámha tuartha leis an gréin, cannaí beorach ... ach sreanga theileafóin? Ach is cnuasaitheoirí oilte iad gan dabht!
Ba bhreá liom an bascaed sin a fheiceáil.