31 Eanáir 2012

síneadh fada?


Uaireanta ní síneadh fada síneadh fada, sna lámhscríbhinní Gaeilge ar aon nós. Mar shampla:

do innis an scél

Cén fáth? Ní hansa.

Séard atá sna litreacha i, n, agus m ná línte gairide, nó minimí. Tá ceann amháin in i, dhá cheann in n agus trí cheann in m. Nuair a thagann na litreacha seo ar lorg a chéile bíonn sé deacair iad a aithint thar a chéile uaireanta. Thosaigh scríobhaithe na Meánaoise ag cur ponc os cionn an i dá bhrí sin, leis an litir bheag sin a idirdhealú ó na minimí sa dá litir eile.

Níor ghlac na Gaeil leis an nós seo, áfach. Níor chuir siad ponc os cionn a gcuid i-anna riamh. Tá an i neamhbhuailte le fáil fós inniu, fiú sa chló Rómhánach:


Caith súil arís ar an abairt lámhscríofa thuas. Tá síneadh fada os cionn an dá i in “innis”, cé nach bhfuil ceachtar acu fada. Tá na comharthaí seo ann leis an dá i a scaradh ón litir n atá suite eatarthu, sin an méid. Bheadh an focal an-deacair a aithint gan iad. Tá comhartha eile ann, dála an scéil: stríoc ghiorrúcháin os cionn an n le cur in iúl gur nn atá ann.

1 comment:

  1. is cuimhin liom an nod fán 'i' sa chló ghaelach a fhoghlaim ó mo mhúinteoir scoile nuair a chuir muid orainn féin, mar rang,gach rud a scríobh sa 'seanchló'. Bhí an tseachtain sin deacair orainn!

    ReplyDelete