Séipéal Odhráin ar Í
Deirtear go ndeachaigh Odhrán go hÍ in éineacht le Colm Cille. Thug Colm Cille iarracht ar shéipéal a thógáil ach scriosadh gach oíche é. Dúirt glór aníos as an talamh leis nach n-éireodh leo go dtí go mbeadh duine beo curtha faoin mbunsraith. I bhfocail eile, bhí íobairt dhaonna ag teastáil. Is cosúil nár chuir an t-éileamh seo ionadh ná déistin ar Cholm cróga.
Seo ar tharla, de réir an chuntais in “Betha Coluim Cille” (Lives of the Saints from the Book of Lismore ):
Dúirt Colm Cille lena mhuintir, “Is maith dúinn ár bhfréamha a dhul faoin talamh seo. Tá cead ag duine agaibh a dhul faoin talamh seo, faoi úir an oileáin seo, á coiscricean.”
D'éirigh Odhrán suas le fonn agus dúirt, “Gabh mise,” ar seisean.
“Tá mé toilteanach air sin, a Odhráin,” arsa Colm Cille. “Beidh do chúiteamh agat. Ní thabharfar cead d'aon duine achainí a iarraidh ag m'uaigh-sa mura n-iarrfar ortsa ar dtús í.”
Chuaigh Odhrán go neamh.*
Deirtear freisin gur nocht cloigeann Odhráin os cionn an talaimh ina dhiaidh sin agus go ndúirt sé, de réir Ghaeil na hAlban:
Chan eil am bàs 'na iongantas
No ifrinn mar a dh'aithrisear.
Chuir an fógra seo an líne seo as Leaves of Grass le Walt Whitman i gcuimhne dom:
To die is different from what any one supposed, and luckier.
Séard a dúirt Colm Cille tar éis d'Odhrán a ráiteas iarbháis a dhéanamh ná:
“Ùir, ùir, air sùil Odhrain, mun labhair e tuilleadh còmhraidh!”
* Adubhairt Colum Cille rea muintir: ‘IS maith dhun ar fremha do dul fon talmain sunn’, & do-raidh: ‘As cead duib nech eicin uaibh do dul fon talmain sunn, no fo h-uir na h-innsi-sea, dia coisecrad’. Ad-racht suas Odran erlathad, & is ed adubairt: ‘Diam-gabthasa’, ol se. ‘As errlam leam sin, a Odhrain’, ar Colum Cille. ‘Rat-fia a logh. Ni tibirter idge do neoch icom lighi-se minab fort-sa iarfaigter ar tos’. Luid iarum Odran docum nime.