22 Deireadh Fómhair 2010

neamhlíneacht




Cén fáth a bhfuil an dá fhocal seo, “hangeul” agus “iarsin”, cosúil lena chéile?

Ní hansa. Tá siad beirt scríofa le litreacha. Ach ní thagann na litreacha ar lorg a chéile i líne dhíreach.

San fhocal Gaeilge (nó Sean-/Meán-Ghaeilge, le bheith cruinn), tá an R in shuí faoin A i bhfoirm trasnáin. Tá an déghraf seo AR an-choitianta sna lámhscríbhinní. Sa dara leath den fhocal, tá an I suite faoin S, agus tá an N ag foluain os cionn an SI mar thrasnán forscríofa. Tá an giorrúchán seo an-choitianta freisin. Is ionann “iarsin” agus “ansin” nó “ina dhiaidh sin”.

Is focal Cóiréise é an dara ceann. Séard atá ann ná ainm na scripte, HangeulHangul, a úsáidtear leis an teanga sin a scríobh. Seo miondealú den fhocal:



Tá neamhlíneacht le fáil ar fud na háite i lámhscríbhinní Gaeilge. Murab ionann agus Hangul, bhí sí roghnach i nGaeilge. Ní raibh iallach ar an scríobhaí na litreacha a charnadh ar mhuin a chéile. Rinne sé é seo uaireanta le spás a choigilt, agus uaireanta (sílim) toisc gur bhain sé taitneamh as neamhlíneacht.

8 comments:

  1. Nuair a bhíonn an pár plódaithe, ní mór don scríobhaí focail mar sin a thógáil.
    ;-)

    ReplyDelete
  2. Céard iad na rialacha a bhaineann le neamh-líneacht Hangeul?

    ReplyDelete
  3. Modh éifeachtach, b'fhéidir, le mearléitheoireacht a éascú?

    ReplyDelete
  4. An-spéisiúil. Ní gá gur rud líneach a bhí sa pheannaireacht; ní saighead a bhí inti ach targaid; níor mheán í ach sprioc; níor fhéach an pheannaireacht le rud a bhaint amach lasmuigh di féin - bhí sí sona ina spás féin.

    ReplyDelete
  5. @ Aonghus

    Tá níos mó faisnéise faoi Hangeul ar fáil anseo agus mínítear eagrú na litreacha i bhfocal anseo.

    ReplyDelete
  6. @ Cailliomachas

    B'fhíor duit go hiomlán dá mbeadh “ealaín ar mhaithe léi féin” a bhí in obair na scríobhaithe. Ach is ag seachadadh téacsanna a bhí siad. Bhí soléiteacht tábhachtach agus is iontach chomh hordúil agus chomh rialta is atá a gcuid peannaireachta, ó leathanach go leathanach agus ó scríobhaí go scríobhaí.

    Séard a fheiceann muidne, atá inár seasamh lasmuigh den chóras seo, ná pearsantacht na scríobhaithe éagsúla, na difríochtaí eatarthu, agus na roghanna éagsúla a rinne siad. Ón taobh istigh, tá an t-ionannas agus an leanúnachas níos feiceálaí.

    ReplyDelete
  7. Dála an scéil, tá sampla maith eile de neamhlíneacht i scríobh na Gaeilge le feiceáil sa bhlagmhír seo.

    ReplyDelete