06 Deireadh Fómhair 2010

focal deas gonta eile...


... nach bhfuil againn níos mó:


Is de dia·tá Cluain Carpat forsin dú sin
Is dá bhrí sin atá Cluain Carbad ar an áit sin
(LL 69b)

Is ionann “dú” agus “áit” nó “ionad”, mar atá soiléir ón abairt thuas sa Táin a mhíníonn an logainm Cluain Carbad. Tá “dú” le fáil sna Gluaiseanna Würzburg (ca. 750 AD), cuid de na téacsanna Sean-Ghaeilge is luaithe dá bhfuil againn. Bhí “dú” beo fós 650 bliain níos déanaí sa Leabhar Breac:

co dú i mbatar sruthi
chuig áit ina raibh sruithe
(LB, lch. 2)

Is focal simplí gonta é “dú”, ach ní mar sin a thosaigh sé, thiar i ré na hInd-Eorpaise. Tháinig “dú” ó *dʰeĝʰōm.

“Talamh” an chiall atá le *dʰeĝʰōm. D'athraigh an chiall seo de réir a chéile ó "talamh” go “píosa talún” go “áit ar an talamh” go “áit” le linn réamhstair na Gaeilge. Ní gá a rá gur athraigh cruth an fhocail go mór freisin. Tá col ceathracha ag “dú” i dteangacha Ind-Eorpacha eile, mar áta “χθών” i nGréigis (cf. “chthonic” i mBéarla).

Níos fearr fós, tá col ceathar ag “dú” i dteanga an lae inniu, focal atá beo beathach agus nach bhfuil i mbaol a bháis ar chor ar bith, focal a tháinig ó *dʰĝʰomios, focal Ind-Eorpaise a chiallaíonn “talmhaí”: duine.

8 comments:

  1. An bhfuil an focal 'dúiche' i ngaol le 'dú'??

    ReplyDelete
  2. Is cosúil nach bhfuil gaol acu lena chéile. Tagann na hainmfhocail “dúiche” agus “dúchas” ón aidiacht Shean-Ghaeilge “dúthaig” a chiallaíonn “dúchasach”. Níl réamhstair an fhocail seo ró-shoiléir, áfach.

    ReplyDelete
  3. An-spéisiúl. Is tusa fear na bhfocal is fearr, a Dennis.

    ReplyDelete
  4. Tá mé ag smaoineamh ar chúpla ceann eile mar seo a dhéanamh. An dá ainmfhocal “á,” mar shampla. Ainmníonn siad rudaí an-simplí, an-nithiúla. Níl ceachtar acu le fáil in FGB, ach tá scéilíní suimiúla nasctha leo.

    ReplyDelete
  5. Lean ort.

    Súil agam go bhfuil tú chun clib a chuir orthu sa chaoi is go mbeidh teacht éasca ar na giotaí seo ar fad.

    ReplyDelete
  6. Clib? Níl ann ach an méid atá sa bhlagmhír féin. Níor bhac mé riamh le clibeanna.

    ReplyDelete
  7. Is trua sin.

    Áis iontach iad nuair atá míreanna éagsúla ag plé le nithe gaolmhara: is féidir iad a úsáid mar innéacs isteach sa bhlag ansin.

    Mar shampla http://aonghus.blogspot.com/search/label/iriseoireacht

    ReplyDelete