07 Aibreán 2010

Sanas Cormaic 1191




Cliceáil etc.

Seo iontráil eile as Sanas Cormaic. Tá an ceann seo le fáil i lámhscríbhinn ón séú haois déag. Tá an téacs céanna le fáil in Leabhar Buí Leacain, a scríobhadh faoi thús an chúigiú haois déag. Is dócha go bhfuil an teanga níos sine ná sin, áfach. Maidir le stair Shanas Chormaic, dúirt Paul Russell an méid seo in A New History of Ireland: Prehistoric and Early Ireland (Oxford, 2005):

“... the processes of the compilation of Cormac's Glossary were very complex and seem to have involved amalgamation and re-editing material from a range of sources.”

Sanasaíocht an fhocail “sionnach” atá againn anseo. Is cliste an míniú é seo, bíodh is nach bhfuil aon bhunús leis ó thaobh na teangeolaíochta de.

NB: tá áit amháin sa téacs mar a bhfuil ‘s’ amháin in áit an dá ‘s’ atá ag teastáil. Ní dóigh liom gur gá dúinn é a aistriú len é a thuiscint. Is dócha gur leor é a athscríobh.

11 comments:

  1. an bhfuil nd agus nn mar an gcéanna agus ó sin amanta amanna?

    ReplyDelete
  2. Is cuid de “ye olde” litriú na Gaeilge é seo. Bhí focail sa tSean-Ghaeilge a raibh ‘nd’ iontu go stairiúil: “find” (fionn), “bendacht” (beannacht) agus “cland” (clann) mar shampla. Agus focail eile ar nós “cenn” (ceann) agus "benn” (binn = stuaic) nach raibh iontu riabh ach an dá ‘nn’. Thit an fhuaim ‘nd’ isteach le ‘nn’ go luath, faoi thús an naoú haois (ca. 800 AD) nó níos luaithe. Ach níor thit an litriú ‘nd’ i léig ina dhiaidh sin, ná baol air! Thosaigh na scríobhaithe ag meascadh ‘nd’ agus ‘nn’ le chéile gan srian. Thaitin ‘nd’ leo toisc go raibh blas na hársaíochta air. Thosaigh siad ag scríobh “cend” in áit “cenn” agus mar sin de, gan fios acu faoin am sin go raibh an litriú sin mícheart ó thaobh na staire de.

    Maidir le hamanta(í), tá scéal eile taobh thiar de sin.

    ReplyDelete
  3. Seo chugaibh iarracht ar an athscríobh --

    Sindac .i. sen neic
    (Cad é an rud cosúil le 'P' os cionn an 'c'?

    .i. neach is sine do conaib

    (B'fhéidir go raibh seanscéal mar sin?)

    é ar fhodar (fhuadar??) é



    é ar fhod ar é

    ReplyDelete
  4. Saghas ‘h’ bídeach é an “p” sin, .i. comhartha séimhithe (.i. ponc). Níl sé cosúil le ‘h’ ar chor ar bith sa chás seo, ach sin mar a thosaigh an comhartha seo.

    sindach .i. sen nech .i. neach is sine do c[h]onaib é ar fhod a ré

    Maidir le “ré”, féach ré 2. (b) in FGB.

    ReplyDelete
  5. Thug mé faoi deara an nod agus ansin ar. Is dócha níor úsáid siad spásanna ach níor úsáid siad an nod in dhá fhocal éagsúla.
    Tá sé deas le cloisteáil go raibh muintir na Gaeilge 'ardnósach' faoin nGaeilge fiú sa sean am. Nach raibh caighdeán againn riamh!

    ReplyDelete
  6. Cad go díreach atá i gceist le sanasaíocht nó fiú gluais? Cad chuige ar scríobhadh Sans Cormac? cé a bhí mar léitheoir aige?

    ReplyDelete
  7. Spásanna: bhí sé de nós acu grúpaí focal a scríobh gan spásanna eadarthu: cosincloich = cos in cloich = leis an gcloch.

    Caighdeán: Bhí an tSean-Ghaeilge réasúnta caighdeánach. Tháinig an dara caighdeán i réim thart faoin mbliain 1250. Ghlac na filí proifisiúnta leis ar an toirt, ach ba leasc leis na scríbhneoirí próis iad siúd a leanúint. Fuair an caighdeán seo (an Nua-Ghaeilge Mhoch / an Ghaeilge Chlasaiceach) an lámh in uachtar de réir a chéile, áfach. Tá sé le feiceáil faoi bhláth in Foras Feasa ar Éirinn, an stair fhada a chríochnaigh Seathrún Céitinn sa bhliain 1634 (±).

    Sanas Cormaic: Bhí suim ag lucht léinn na Gaeilge riamh i bhfocail ársa / focail chrua / focail fhileata, agus sa seanchas taobh thiar díobh (fiú mura raibh ann ach fantaisíocht -- ní teangeolaithe nua-aimseartha a bhí iontu).

    ReplyDelete
  8. tá sé thar a bheith spéisiúl

    ReplyDelete
  9. Go raibh do ré fhéin fada, agus tú ag scaipeadh nodanna ar eolach agus aineolach.

    ReplyDelete
  10. Aontaím leat, a Aonghuis - maith thú, a Dennis!

    ReplyDelete
  11. Agus ba mhaith liom an rún sin a chuidiú, a chathaoirligh! :-)

    ReplyDelete