12 Aibreán 2010

sagart in uimhir a 3 ar an léarscáil


Cliceáil ... (is mór an comhad é seo!)

Thug sagart i Massachusetts, James J. Scahill, seanmóir inné ina ndúirt sé gur mithid do Bhenedict éirí as an bpápacht. Ní mó ná sásta a bhí urlabhraí na deoise -- iontas na n-iontas. Ach sheas a phobal ag bualadh bos dó tar éis na seanmóire.

Is as mo sheanchóip de An Béal Bocht a tháinig an léarscáil thuas. Is trua nach bhfuil Myles ann fós le focal nó trí a scríobh faoi na himeachtaí seo.

7 comments:

  1. Tuige gur cheart dó éirí as? Toisc go bhfuil seisean éifeachtach ag plé le sagairt bradacha, an ea?

    Cad chuige nár gníomhaigh an dlí in aghaidh Kiesle? Cuireadh ar an eolas iad! Ní dhearna siad ach téarma géibheann ar fionraí a thabhairt dó. Bhí sé ar fionraí ó dualgais sagart. Dúirt Beinidict go mba cheart bheith cúramach é a scaoileadh as na sagairt - ní bheadh aon smacht ag an eaglais air ach é a bheith scaoilte amach. .

    Ba cheart duit níos mó na an NYT a léamh i gcás mar seo, a Dennis ghroí.

    ReplyDelete
  2. Breis anseo

    Dá mbeadh Myles thart, sílim go mbeadh faobhar ar a theanga in aghaidh gach taobh, ach in aghaidh na hiriseoirí agus na dlíodóirí go háirithe.

    Níl aoinne ag teacht as an gnó brocach seo ró mhaith. Ach is é Ratzinger duine de na daoine - an príomh duine fiú - a chas an roth sa treo ceart.

    ReplyDelete
  3. Tá an mapa sin greannmhar, ar a laghad.

    ReplyDelete
  4. @ Aonghus - Bhí alt eile ar an NYT inné le Ross Douthat, caomhach agus Caitliceach, a mbeadh suim agat ann. “The Better Pope” an teideal atá air. Seo deireadh an ailt:

    Has Benedict done enough to clean house and show contrition? Alas, no. Has his Vatican responded to the latest swirl of scandal with retrenchment, resentment, and an un-Christian dose of self-pity? Absolutely. Can this pontiff regain the kind of trust and admiration, for himself and for his office, that John Paul II enjoyed? Not a chance.

    But as unlikely as it seems today, Benedict may yet deserve to be remembered as the better pope.

    ReplyDelete
  5. Léite agam cheana. Ní aontaíom go hiomlán lena anailís. Ach ní raibh Benedict chun a bheith ina Eoin Pól III pe scéal é, agus ní sin atá de dhíth ar an Eaglais anois.

    Tá an scéal seo casta, agus ní chabhraíonn ráitisí ó Eaglaisigh arda gur féidir fuaimghreim claonta a fhí astu.

    Ach ní aimseofar gunna le deatach as i leith Benedict; níl sé ann!

    ReplyDelete
  6. Séard atá ag cur imní orm níos mó ná aon rud eile ná, cá bhfuair an sagart i Springfield an ‘S-’ sin ina shloinne!

    ReplyDelete
  7. An áit céanna a fuair Scairbhín an Chuaich (recté Garbhshíon) é, sílim.

    ReplyDelete