02 Aibreán 2010

Ní chreidim é!


Tá daoine i gcéin agus i gcóngar ag cáineadh an Phápa agus na hEaglaise as an bpolasaí atá acu le fada an lá i dtaobh mí-úsáid ghnéasach: na híospartaigh a chur ina dtost agus na sagairt a chosaint.


Tá sé de dhánacht iontu a bheith ag maíomh anois gurb iadsan na híospartaigh! Go bhfuil na meáin ag tromaíocht orthu. Go dtuigeann siad cás na nGiúdach (ar chuir an Eaglais an milleán orthu as céasadh Chríost go dtí le fíor-dhéanaí) anois: Essi sanno per esperienza cosa significa essere vittime della violenza collettiva,” a dúirt Raniero Cantalamessa, predicatore della Casa Pontificia (seanmóirí de chuid an Tí Pontaifiúla) in alt ar L'Osservatore Romano inniu . “Tá a fhios acu óna stair féin cad is ciall le bheith ina n-íospartaigh de fhoréigin mar phobal.” Tugann Cantalamessa le fios gurb í an Eaglais atá ag fulaingt na géarleanúna céanna anois.

Nach dána an t-éadan atá air agus orthu? Ní chreidim é. Ní hé an béal bocht atá ag teastáil uaibh anois, a fheara sa Róimh, ach leorghníomh i bpeacaí na hEaglaise: saicéadach agus luaithreach. Tá sé thar am ag Pontaif na hEaglaise seo a bhróga dearga Prada agus gúna órga a bhaint de.

5 comments:

  1. Agus tháinig an tseafóid as béal sheanmóirí an Phápa féin cé go ndúirt an Vatacáin inniu nach raibh sé ag caint thar ceann na Vatacáine.

    Ní dóigh go dtiocfaidh athrú ar an meon millteach atá acu.

    ReplyDelete
  2. Ar léigh sibh an méid a dúirt sé, seachas an casadh a baineadh as? Tá an rud ar fad le léamh anseo: I dtreo deiridh a aitheasc, thagair sé do litir ó chara Ghiúdach leis, a rinne comhbhá leis as an Eaglais a bheith ina cheap milleáin. Aontaím libh go bhfuil aithrí agus íonghlanadh de dhíth ar an eaglais. Ach tá áibhéil ann freisin maidir le ciontacht baill na hEaglaise, agus an staid reatha. Mar shampla, ní raibh ach sé líomháin reatha in aghaidh sagairt anuraidh i SAM - áit a bhfuil 89 milliún ball ag an Eaglais.

    ReplyDelete
  3. Dála an scéil, creidim gur cas scéal an scéal reatha ag an NYT maidir leis an bPápa. Scéal nach bhfuil ag teacht fiú leis na cáipéisí a chuir siad féin ar fáil!

    Féach, mar shampla, anseo:

    ReplyDelete
  4. Sna meáin abhus táid ag díriú isteach ar an méid a dúirt an Cairdinéal Angelo Sodano roimh an aifreann i mBeaslaich Pheadair agus é ag déanamh amach nach mbeadh i líomhaintí na laethanta deireanacha ach biadán.

    ReplyDelete