27 Aibreán 2010

Naomh Lúcás, Naomh Marcas & Bart Simpson


Seo dhá íomhá ón scríobhaí anaithnid a scríobh agus a mhaisigh Leabhar Dhéir (Book of Deer), leabhar an-bheag (54 mm X 107 mm) a bhfuil cuid de na Soiscéil i Laidin ann ... agus íomhá amháin ó Mhatt Groening, nach bhfuil anaithnid ar chor ar bith.

Cliceáil le méadú.

Is breá liom Naomh Lúcás ar an leathanach thuas. Is breá liom simplíocht a aghaidh, fantaisíocht a chuid éadaí, agus thar aon rud eile, a chuid gruaige!


Is cosúil go bhfuil gruaig chatach ar an Soiscéalaí Marcas thíos. Murab ionann agus Lúcás, tá cluasa ar an naomh seo freisin: cluasa beaga cruinne díreach mar atá ar Bhart. An féidir go raibh cur amach ag Groening ar na pictiúir seo? Nó an athionchollú é Groening den scríobhaí Gaelach? Mo cheol iad araon, cibé conas a mhínítear na cosúlachtaí seo.



Agúisín. Tá ceist agam oraibh anois maidir leis an nGaeilge. Deir muid “scéalta” san iolra. Cén fáth nach ndeir muid “Soiscéalta”? “Soiscéil” an t-iolra ceart de réir FGB.

4 comments:

  1. Ceist mhaith, go hairithe ós rud é go mbíonn leithscéalta againn. Súil agam go dtarraingeoidh do scéal scéal. Taimse fiosrach anois freisin.

    ReplyDelete
  2. Rinne mé cuardach Google le “soiscéalta” ar maidin agus fuair mé an t-iolra seo in úsáid ag a lán daoine/foinsí a bhfuil dea-Ghaeilge acu. Feictear dom go bhfuil lán-chead againn feidhm a bhaint as. Níl a fhios agam anois céard a scríobhfaidh mé amach anseo: an leagan atá “nádúrtha” (.i. soiscéalta) nó an leagan atá in ainm a bheith “ceart”. Bíonn an bhraiteoireacht chéanna orm maidir le “grianghraif ~ grianghrafanna, leabhair ~ leabhartha, ag baint sult ~ ag baint suilt” agus mar sin de!

    ReplyDelete
  3. Creidtear nach bhfuil ach soiscéal amháin ann. Insítear é i leabhair áirithe - an soiscéal de réir Lúcáis, mar shampla.
    Ach ag tagairt do leabhair, níl aon locht ar an iolra, dar liom.
    Fuair mé rud cosúil leis le déanaí. Níl iolra ann go traidisiúnta, de réir dealraimh, ar 'comharsanacht.' Tá ag focal.ie, ach níl ag an Foclóir Beag ná Ó Dónall.

    ReplyDelete
  4. Chuir mé ceist faoi 'soiscéal' iolra, a Dennis, agus séard a dúirt an cainteoir dúchais liom gur tháinig 'soiscéil' go nádúrtha óna béal, ach gur 'soiscéalta' a scríobhfadh sí, cheap sí!

    Ah bhuel, rinne mé iarracht ar do shon...:-)

    ReplyDelete