05 Aibreán 2010

“Is fada...”





Seo nóta imill pearsanta agus sách fada i lámhscríbhinn ón gcúigiú haois déag atá i dtaisce sa Leabharlann Bodleian. Nua-Ghaeilge atá ann. Níl le déanamh anseo ach na noda a scaoileadh len é a léamh.

14 comments:

  1. http://quidnunc.net/~garyi/noda/notae.html
    http://www.ucc.ie/faculties/celtic/lss/
    http://www.gaelchlo.com/bunnod.html

    ReplyDelete
  2. Chaith mé an oíche ag cleachtadh is ag scríobh amach na lámhscríbhinní ón ollscoil. Beidh an freagra agam gan mhoill

    ReplyDelete
  3. An dara ceann --

    Agus mé fetach, fuirech, agus ur ??

    ReplyDelete
  4. An treas ceann --
    Gan mo dinner do caithim?

    Nílim cinnte den fhocal 'dinner'.

    ReplyDelete
  5. An chéad cheann, an ceann is deacra --

    Is fada lium ata ...????

    ReplyDelete
  6. Nílim críochnaithe ach seo atá agam
    Is fada liom atá Emunn amuich sa(sc)
    agus mé féin ach fuireach (ris)
    gan mo dineir do caithim
    arís táim ag baint sult as an staidéir agus ni raibh mé chun tomhais a thabhairt go fóilin

    ReplyDelete
  7. An-jab!

    Tá Emunn (Éamonn de Buitléir ?) “amuich sa sic”, .i. “amuigh sa sioc”. Tá an litir ‘i’ scríofa faoin ‘s’.

    Agus tá an scríobhaí “ac fuirech ris”. Is ionann “ris” agus “leis”. Tá an réamhfhocal sin in úsáid i nGaeilge na hAlban fós.

    Is fada liom atá Éamonn amuigh sa sioc agus mé féin ag fuireach leis gan mo dhinnéar do chaitheamh.

    ReplyDelete
  8. Tá neart ceisteanna agam faoi ..........
    cé a scríobh é agus cén fáth? srl

    ReplyDelete
  9. Tá an focal 'féin' suimiúil. Feicim litir 'f', litir 'é', agus litir 'i' thíos faoi an 'e'. Agus tuigim anois go bhfuil an líne scríofa in áit litir 'n'.
    An nod coitianta ar an bhfocal 'féin' é seo?

    Rinne mé go leor notaí ar na nodanna ach nílim in ann iad a aimsiú anois.

    ReplyDelete
  10. @ grá - Ceapaim go raibh a lán de na nótaí imill seo an-chosúil le tweets ar Twitter. Bhreac na scríobhaithe síos iad dóibh féin agus do scríobhaithe eile. Is féidir go mbeadh spéis agat sa bhlagmhír seo agus seo.

    Níl a fhios agam cér scríobh an nóta seo.

    @ Liz - Is an-mhinic a sheasann an líne dhíreach do ‘n’. Féach “Emunn” thuas freisin. Ach is féidir í a úsáid in ionad litreacha eile chomh maith. Uaireanta tá sí cosúil leis an bponc i mBéarla: dept., mar shampla.

    ReplyDelete
  11. “Stríoc ghiorrúcháin” nó suspension stroke an t-ainm ceart atá ar an líne sin, dála an scéil.

    ReplyDelete
  12. Thaitin na tweets go mór liom, go háirithe an tarna tweet.

    Cathain a stop na noda sa scríbhneoireacht? an dtarlaíonn sé go tobann agus páipéar agus dúch éasca le fáil nó an bhfuil lámhscríbhinní ann ina bhfeictear noda don n agus ar mar shampla taobh le taobh leis an litriú fada ar feadh tamall sách fada?

    Gabh mo leithscéal d’admhaigh mé go raibh neart ceisteanna agam faoin nodaireacht. Is rud iomlán nua domsa é. Ná bac liom

    ReplyDelete
  13. Bhí noda in úsáid fós i leabhartha clóbhuailte. Féach na samplaí anseo. Feicfidh tú an stríoc ghiorrúcháin i gCló Phárais (“ann”) agus “ar” mar nod i gCló Eilíse (“ar chostas”).

    ReplyDelete