12 Aibreán 2010

iarratas


Aodh Mac Cathmhaoil
(nó Mac Aingil, an leasainm a bhaist a chuid mac léinn air)

An bhfuil fáil ag éinne ar Scáthán shacramuinte na haithridhe le Mac Aingil? Níl sé agam agus tá suim agam i gcomhthéacs an nath seo, “Ní bheantar a hainm don bhairíghin,” atá ag líne 4733.

8 comments:

  1. Seo é an nóta atá ar lch 223 (ach an cló iodálach ar lár agam):
    4733. Ní bheantar a hainm don bhairíghin: 'a thing must be given its usual name, be it ever so deficient or imperfect'. Seanfhocal atá in úsáid fós sa gcaint. Cúpla sampla agam ó Chúige Chonnacht. Agus féach Ó Criomthain, Allagar na hinise, lch 68:
    '"Ar bhaineabhair na prátaí nua fós?" arsa bean aca le bean eile.
    "Do bhaineamair," arsa sise.
    "A' raibh aon chrích ortha?"
    "Níl ach ná baintear a ainm de'n mblonaig agus is sin nú [=ionbhadh] age prátaí nua na haimsire seo é," ars sise.'

    ReplyDelete
  2. Go raibh míle maith agat, a Chailli! Ach tá ceist agam ort go fóill. Ar bhain Mac Aingil úsáid as an abairt seo ina théacs, agus má bhain, conas?

    ReplyDelete
  3. An ionann 'beantar' agus an briathar 'baintear'?

    ReplyDelete
  4. Is ionann. “Ní bhaintear a ainm den bhairín” i nGaeilge an lae inniu. Bhí “bairgen” baininscneach i Sean-Ghaeilge, agus anuas go dtí 1618 de réir dealraimh. Agus is ionann “bairín” agus “builín”.

    A man's a man, for a' that
    For a' that, an' a' that
    Their tinsel show an' a' that
    The honest man, though e'er sae poor
    Is king o' men for a' that.


    An é sin é?

    ReplyDelete
  5. Comhthéacs. As línte 4725-4735 (liomsa an focalbhá):
    Mo nuar, mo nuar, daille na ndaoineadh iarras an liaigh as fearr dá ccorp, an marasgál as fearr dá ngearrán, ... 7 an t-aduocáid as fearr don chúis bhíos beagluaigh, 7 nách iarrann don anam ... achd an t-oide faoisidne as foigsi dhóibh. Ní haithrighi fhírinneach do-níd so achd brégaithrighi, dá chor a ccéill do na daoinibh go bhfuilid diadha 7 'na cCatoilcibh maithi do bhrígh go ttéighid dochum na faoisidine ar chor éigin. Ní bheantar a hainm don bhairíghin. As lór ceann 7 cosa do bheith ar an sagart 7 lámh do chur ós ceann na muinnteire si dochum a rádha go ndérnadar a bhfaoisidin 's go bhfuil eagla Dé 7 grádh a ccreidimh aca.

    Is breá liom an ceangal a dhéanann tú le Burns. The rank is but the guinea's stamp the man's the gowd far a' that.

    ReplyDelete
  6. Shíl mé go raibh sé in áit éigin agam, a Dennis, ach ní féidir liom theacht air! Fós ag rútáil...

    ReplyDelete
  7. Go raibh céad míle maith agat, a Ch! Sin díreach a bhí uaim. Caithfidh mé an sliocht sin a athléamh go cúramach anois. Tá níos mó ann ná mar a bhí mé ag súil leis.

    ReplyDelete
  8. Agus comhairle mhaith maidir le sagart a roghnú!

    ReplyDelete