16 Aibreán 2010

Fomna, fomna...


“Fomna, fomna, a Meic Con Glinne,


beóchail ná ro-t·báda!”

“Fainic, fainic, a Mhic Con Glinne, nár bhá an súlach thú!”

Is é seo an rabhadh a chuala Mac Con Glinne agus é ina chodladh go seascair i leaba an aba -- de réir leagain amháin den scéal. An scéal atá i gceist ná Aislinge Meic Con Glinne, scigaithris chlúiteach a cumadh san aonú haois déag. An féidir go raibh a fhios ag fear a chumtha go mbeadh “spórt” ann míle bliain ina dhiaidh sin ar a dtabharfaí gravy wrestling?


2 comments:

  1. Ní raibh sé féin 'out-of-date' más rud gur thairngir sé a leithéid, a Dennis!

    'Stone Cold Steve Bisto' - nach maith atá sé ainmnithe...:-)

    ReplyDelete
  2. Ar an drochuair ní thuigtear an leasainm a thogh sé abhus anseo, ó nach bhfuil “Bisto Gravy” le fáil sna Stáit.

    ReplyDelete