20 Aibreán 2010

braigetóracht


D'aistrigh mé an focal “bragitóracht” sa bhlagmhír roimhe seo mar “abhlóireacht”, toisc nach raibh an focal ceart agam i Nua-Ghaeilge. Séard atá i gceist dáiríre ná ealaín an bhromaire. Ní “bromaireacht” .i. “gaotaireacht, scaothaireacht” atá mé a rá, ach “ceol is ceiliúir a thagannn as an tóin”. Ní ag magadh atá mé!

Cliceáil le méadú.

Ní ag goradh a dtóin atá an bheirt ar dheis sa léaráid chlúiteach seo, ach ag “braigetóracht”. Agus creid é nó ná creid, bhí i bhfad níos mó ar a gcumas acu na fuaimeanna borba a dhéanamh. Tá an cruthú againn a bhuí le Francach darbh ainm Joseph Pujol. Braigetóir nua-aoiseach a bhí ann.


“Le pétomane” an t-ainm stáitse a bhí air agus thuill sé níos mó airgead ná fuirseoir ar bith eile sa domhan nuair a bhí sé ag obair sa Moulin Rouge ag deireadh an naoú haois déag. Bhí Pujol in ann aer a tharraing isteach trína anas agus é a “easanálú” ansin, ag baint feidhm as a pholl tóna mar ghléas ceoil -- mar ghaoth-uirlis le bheith cruinn. “Un cas extraordinaire d'aspiration rectale et d'anus musical an teideal ar alt a scríobh an Dr. Marcel Baudouin sa bhliain 1892. Is de thaisme a fuair Pujol amach go raibh an bua seo aige agus é ina bhuachaill. Bhí air an “ealaín chaillte” seo a fhoghlaim ar a chonlan féin. Maidir leis na braigetóirí meánaoiseacha, is cosúil gur fhoghlaim siad an ealaín ó bhraigetóirí eile. Ní raibh printíseach ag Pujol riamh. Tá níos mó faoi anseo.

Agus maidir leis an bhfocal Nua-Ghaeilge, “braigheadóir” an cruth réamh-Chaighdeánach a bheadh air is dócha. An mbeadh an litriú sin inghlactha sa Chaighdeán freisin?

Agúisín: podicicinist an Béarla a cuireadh ar “braigetóir” in Ancient Laws of Ireland, Vol. V (1901).

2 comments:

  1. Hilarious! It's reminiscent of the old fled demunda in Córus Béscnai:

    'A feast that is given to sons of death and bad people, namely druids and satirists and inferior poets and farters and clowns and bandits and pagans and whores and other bad people.'

    (Corpus Iuris Hibernici, ed. D. A. Binchy, 6 vols. (Dublin, 1978), II, p. 526, lines 15-9.)

    ReplyDelete
  2. Dá mbeadh siamsa chomh maith ann sa lá atá inniu ann!
    “Un cas extraordinaire d'aspiration rectale et d'anus musical”
    Sílim go bhfuil aithne agam ar dhaoine mar sin...

    ReplyDelete