19 Aibreán 2010

Aisling Mhic Conglinne



Thug mé sliocht as “Aislinge Meic Con Glinne” daoibh cúpla lá ó shin. Ní raibh a fhios agam ag an am sin gur aistrigh Tomás Ó Floinn an scéal meánaoiseach seo go Nua-Gaeilge thiar sa bhliain 1978. Nocht sé, nó cuid de, in Comhar. Fuair mé cúpla píosa de ar an idirlíon anseo agus anseo. Is cosúil gur foilsíodh an t-aistriúchán mar leabhar freisin. Fuair mé ISBN dó (9917409400) ar shuíomh an Kerry Library. Feicim go raibh suim ag Aonghus sa scéal seo trí bliana ó shin. Ba bhreá liom cóip den leabhar a fháil: an leabhar féin nó fótachóip de. Is cosúil nach bhfuil ann ach 60 leathanach.

5 comments:

  1. Tá suim agam ann fós. Leagan Thurneysen agam anseo. Maith agat as an eolas breise.

    ReplyDelete
  2. Thug mé botún cló faoi deara sa sliocht thuas, “go bhfaca mí".

    Recte: go bhfaca mé ní

    ReplyDelete
  3. Tá suim agamsa ann chomh maith - b'fhéidir liom cóip a fháil mar iasacht idirleabharlainne is dócha. Fan go bhfeicfidh mé!

    ReplyDelete
  4. Dála an scéil, tá aistriúchán nua den scéal ar tí teacht amach i mBéarla ó Syracuse University Press. Deir Amazon go mbeidh sé ar fáil i Meitheamh.

    ReplyDelete