31 Iúil 2009

aingil ghorma os cionn na cathrach


Tá siad an-luath, is minic a bhíonn siad an-dlúth dá chéile, agus ní féidir gan aird a thabhairt orthu nuair a thagann siad ag scréachaíl os do chionn!


Bhí na Blue Angels ag cleasaíocht os cionn Seattle inné agus inniu, ag fáil réidh don lá mór amárach.


Tá rogha mhór físeán díobh ar YouTube. Seo cúpla ceann acu:



An tInneall Mallachtaí



Chuir mé An tInneall Mallachtaí i dtoll a chéile na blianta ó shin. Bhí sé as gléas le tamall anuas. Ach tá mé díreach tar éis teachtaireacht a fháil ó Chaoimhín Ó Donnaíle ag Sabhal Mór Ostaig á rá liom gur chuir sé caoi air agus go bhfuil sé ag obair arís.

29 Iúil 2009

abairt ón Auraicept


Seo abairt ó Auraicept na nÉces a thaitníonn liom.


Bhíos ar tí í a trascríobh daoibh mar is iondúil. Ach tá a fhios agam gur maith le cuid agaibh tomhasanna. Seo leid: tosaíonn an abairt leis an nod “7” (= &) agus ina dhiaidh sin tá ceithre fhocal inti.

tonn teasa



“Tá sé te!” i Lushootseed, teanga dhúchasach an cheantair a bhfuil Seattle suite ann, Puget Sound. Tá sé níos mó ná te anseo faoi láthair. Tá sé an-te, thar a bheith te: 96F inné, brothallach agus gan leoithne gaoithe ag leathuair tar éis a cúig nuair d'éirigh mé ar maidin inniu, agus 102F sa réamháisnéis don lá. Ní raibh sé riamh níos teo ná 100F anseo.

Ní bheadh an teocht seo as an ngnáth i Sacramento nó i Phoenix, gan trácht ar Phalm Springs. Ach murab ionann agus na háiteanna sin, ní bhíonn aerchóiriú sna tithe anseo. Níl againne sa teach seo ach geolán san fhuinneog. Ach tá an t-áth orainn mar sin féin: tá leaba bhreise againn san íoslach, mar a mbíonn sé réasúnta fionnuar. Murach sin, bheinn caillte!

27 Iúil 2009

Monday's Child



An cuimhin leat an rann seo i mBéarla?

Mondays child is fair of face,
Tuesdays child is full of grace,
Wednesdays child is full of woe,
Thursdays child has far to go,
Fridays child is loving and giving,
Saturdays child works hard for his living,
And the child that is born on the Sabbath day
Is bonny and blithe, and good and gay.

Tá rud éigin cosúil leis sin againn i nGaeilge ón gceathrú haois déag, ach ní do pháistí a scríobhadh é. Séard a fheiceann tú sa ghrianghraf thuas ná blúire den téacs atá i gceist agam ó Leabhar Ua Mhaine (f. 47 v):

Nech genes i nDomnach, bidh [suthain bidh soenmech a be]
tha, bid imda i ndomun [dó]...

An té a bheirtear Dé Domhnaigh, beidh fada, beidh suaimhneach a bheatha, beidh raidhse ar an domhan dó...

Tá an tairngreacht seo an-deas ar fad. Ach ní chomh gealgháireach sin atá siad uilig! Mar shampla, báfar an duine a rugadh Dé Mairt... ach beidh sé go maith le madraí is le mná. Agus maidir leis an té thagann ar an saol Dé Céadaoin, “do·géna gním ndúaircc ria mbáss” (déanfaidh sé gníomh duairc roimh a bhás).

Tá an téacs iomlán in éineacht le haistriúchán Béarla ar fáil ar líne ag CELT.

laoi nó litir



Ós rud é go bhfuil suim thar cuimse agam i litreacha (callagrafaíocht, an aibítir, cló, etc.) taitníonn an abairt seo go mór liom:

Níl sé i laoi ná i litir.

Níl cuntas air áit ar bith.
FGB, lch 749, s.v. “laoi”

Ceist agam oraibh: ar bhuail sibh riamh leis an gcor cainte sin, scríofa, ráite, nó labhartha?

“Benedict Uncial” le Philip Bouwsma an cló thuas.

25 Iúil 2009

an méid a dúirt Emer



Thaitin na focail seo chomh mór liom go ndearna mé stampa rubair díobh. Ní cóip fhótagrafach dá bhfuil sa lámhscríbhinn é seo, áfach. Chuir mé le chéile é as íomhánna de litreacha éagsúla a thóg mé as Leabhar na Nuachongbhála (aka The Book of Leinster).