16 Meán Fómhair 2012

Tá an Eilvéis go hálainn!


Cliceáil, le do thoil!

Radharc ar Ghleann Lauterbrunnen

Tá mé i mo sheasamh ar an staighre lasmuigh de na Trümmelbachfälle, ceann de hiontais nádúrtha is cumhachtaí dá bhfaca mé riamh. Séard atá ann ná deich n-eas, ceann i ndiaidh a chéile, istigh sa sliabh! Ní bheadh siad le feiceáil ar chor ar bith murach na tolláin a gearradh sa chloch agus na soilse a cuireadh ann i rith an chéid seo caite. 


Tá sé beagnach dodhéanta áille fhiáin na n-easanna seo a chuimsiú i ngriangrafanna. Tá a lán lán uisce ann agus é ag tuitim ar lánluas trí dhuibheagáin a ghrean sé trí chloch an tsléibhe. An fhuaim. Na soilse. An t-uisce san aer. Bhabha! 

8 comments:

  1. Glacaim leis ón ainm go raibh siad le clos?

    ReplyDelete
  2. Tá'n nádúr álainn, agus iontach..:-)

    ReplyDelete
  3. @"Tá sé beagnach dodhéanta áille fhiáin na n-easanna seo a chuimsiú i ngriangrafanna."

    Tá.

    Ach tá físeán deas den cheantar ar an suíomh seo. Bhí an t-ádh ort. http://www.myswitzerland.com/de/truemmelbachfaelle.html

    ReplyDelete
  4. @ Aonghus

    Istigh sa sliabh, cinnte! Ach cad is ciall le “trümmel”? Ón ainm a dúirt tú.

    ReplyDelete
  5. GRMA as an bhfíseán, John! Chuir an gleann úd Yosemite i gcuimhne dom. Ach tá Easa Trümmelbach an-éagsúil le rud ar bith atá le feiceáil i gCalifornia.

    ReplyDelete
  6. Is é is ciall le “Trümmel” ná 1. súiste, 2. guairneán.

    Trümmelbach = "sruth guairneánach" nó "sruth le guairneáin"

    Is cosúla go mbaineann na guairneáin leis an sruth, déarfainn, ná leis na heasanna. Ach feictear easanna ag guairneáil beagán freisin, nó fiú ag súisteáil de réir mar a athraíonn méid an uisce atá ag titim anuas iontu.

    Níor chuala mé an focal sin riamh agus ní thuigfeadh aon duine taobh amuigh den Eilvéis é.

    (Foinse: Das Schweizerische Idiotikon)

    Ní dóigh liom go bhfuil an focal “Trümmel” gaolta leis an bhfocal "Trommel" (=druma) d'ainneoin na cosúlachta idir an dá fhocal. B'fhéidir gurbh é sin a bhí i gceist ag Aonghus.

    ReplyDelete
  7. B'é. Bhí amhras orm go raibh mé ar strae. Maith agat as mé a dhaingniú i'm amhras!

    ReplyDelete
  8. Míle maith agat as an míniú, a Fhearghais! Tá cuid den tsraith easanna ar a dtugtar “The Corkscrew” (an t-ainm i mBéarla amháin, dála an scéil).

    ReplyDelete