27 Meán Fómhair 2012

cros na cianóige



Is fada, go bhfios domsa, ó bhí cros ar bhonn in Éirinn. Cé chomh fada? Níl mé cinnte, ach bualadh an bonn thuas i bPort Láirge nuair a bhí Edward I i réim, ca. 1280-1282.  Ní cianóg atá ann ach pingin airgid, bonn a bhí sách luachmhar ag an am.

An bhfuil éinne ann fós a déarfadh “Ní fiú cros na cianóige é?” Níl a fhios agam, ach tá an nath seo le fáil in FGB. Is ionann “cianóg” agus bonn beag ar bheagán luach, nó “seanphíosa airigid gan tairbhe,” dar le An Foclóir Beag.

Más amhlaidh nach raibh bonn ann a raibh cros air le fada an lá in Éirinn -- leis na cianta cairbreacha? -- nach iontach an rud é go bhfuil an nath seo, “cros na cianóige,” ann fós? Iontach, ach tá samplaí eile dá leithéid ann. Maireann nathanna sioctha sách minic i dteangacha. Is dócha go dtuigeann a lán daoine gur “ar meisce” an chiall atá le “three sheets to the wind.”  Ach cé mhéad acu a bheadh in ann an íomhá atá taobh thiar den nath seo a mhíniú i gceart?

6 comments:

  1. Más buan mo chuimhne bhí na crosa seo ar bhoinn chun go bhfeadfaí iad a bhriseadh chun píosa ar luach níos lú a bheith agat (mar bhriseadh!).

    Maith agat as an nasc úd!

    ReplyDelete
  2. Sin agat é. Bhí siad in ann ceithre feoirlingí a dhéanamh as pingin amháin mar sin.

    feorling < farthing < feorthung < feortha = fourth

    ReplyDelete
  3. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  4. tá barúil agam go mbaineann three sheets le seoltóireacht, agus insíodh a chúlra dom blianta ó shin, ach níl mé in ann cuimhniú ar an scéal céanna anois!

    Ceist - cad as a dtáinig 'flóirín'? Bhí postáil ag Áine (Mise Áine) mar gheall ar phraghas siúcra tamall ó shin agus is cuimhin liom go beo ag triall trasna chuig an ghrósaer le flóirín le haghaidh dhá phunta siúcra....

    ReplyDelete
  5. Tá an focal Florin/Flóirín ar bhonn dhá scilling ar fud na hEorpa. Bonn óir a bhí ann tráth.

    http://www.etymonline.com/index.php?allowed_in_frame=0&search=florin&searchmode=none

    A bhunús i Firenze na hIodáile, Bláithín an sanasaíocht!

    ReplyDelete
  6. Maidir le 'three sheets to the wind', cheannaigh mé an leabhar seo an tseachtain seo caite, agus tá 'Circling Shannon' ann - féach 'circling over Shannon' anseo..:-)

    ReplyDelete