26 Meán Fómhair 2012

beagmhaitheas




Ní fiú _____ é.

Líon an bhearna. Tá siad seo traidisiúnta:

tráithnín
sifín
seamaide
seamsóg
sileog
pingin
cianóg
cianóg rua
cros na cianóige
cac an diabhail
bogán spideoige
seile cuaiche
smuga cait
trumpa gan teanga
deich triuch
deoch d'uisce na n-ubh
uisce na bhfataí


Chum mé féin iad seo:

coiscín caite
leathchúpla stócaí
gealltanas polaiteora

9 comments:

  1. nó 'trumpa gan teanga' - an uirlis cheoil a sheinntí ag tús agus deireadh lá craolta RnaG tráth.... dála an scéil is é Jew's Harp an Béarla air, rud a dhéanann buairt do chorrdhuine - ach seans go ndíorthaíonn sé ón bhfriotal 'jewjaw(ing)' agus nach bhfuil na giúdaigh i gceist!

    ReplyDelete
  2. Bíonn an trumpa úd fós le clos roimh Nead an Fuiseoige ar RnaG (7 ar maidin)

    ReplyDelete
  3. "Trumpa gan teanga" Iontach! Cuirfidh mé leis an liosta thuas é. Stop mé in óstán darbh ainm “Scacciapensieri” in Siena uair amháin. Fuair mé amach gurb é sin an t-ainm atá ag na hIodálaigh ar an uirlis seo, a “scaipeann imní”.

    ReplyDelete
  4. Tá mé díreach tar éis ceann eile a chur leis an liosta:

    Ní fiú deoch d'uisce na n-ubh é.

    Fáilte roimh leaganacha eile!

    ReplyDelete
  5. mún muice?

    Cumtha agamsa, cé go bhfuil cuma shean-fhaiseanta air.

    Nó 'cadhnra iFón', b'fhéidir ;)

    ReplyDelete
  6. Bhíodh mún dreoilín i gceist ceart go leor, mún dreoilín sa bhfarraige, go mba bheag é, fiú má shíl an dreoilín go raibh an t-an-aicsean déanta.

    ReplyDelete